Cath Boyacá
|
Péinteáil Chath Boyacá, neamhspleáchas na Cholóime, Veiniséala, Eacuadór agus Phanama ón Spáinn a bhí de thoradh air. Ar taispeáint i bPálás na Cónaidhme, Caracas, Veiniséala.
|
Dáta:
|
7 Lúnasa, 1819
|
Áit:
|
Boyacá, An Cholóim
|
Toradh:
|
Bua poblachtach
|
Céilí comhraic
|
|
Ceannasaithe
|
|
Slua
|
|
Taismigh
|
13 marbh, 53 gortaithe.
|
100 marbh, 150 gortaithe, 1600 gafa.
|
|
Ba é Cath Boyacá sa Cholóim, tír a dtugtaí Granada Nua uirthi tráth, an cath a chuir ar chumas na Colóime neamhspleáchas ón Spáinn a bhaint amach, cé gur lean an troid le fórsaí ríoga na Spáinne go ceann roinnt blianta eile. Tharla an cath ar an 7 Lúnasa 1819.
Poblachtaigh Cholómacha agus Veiniséalacha a bhí in arm na gComhghuaillithe, mar aon le Léigiún Briotanach, agus an tArd-Bhriogáidire Francisco de Paula Santander agus José Antonio Anzoátegui i gceannas orthu. Taobh istigh de dhá uair an chloig threascair an t-arm sin fórsaí na naimhde, a bhí faoi cheannas José María Barreiro agus Francisco Jiménez, beirt choirnéal Spáinneacha.