Cath Chnoc na nOs
Cuid de Chogadh na dTrí Ríocht
Cath Chnoc na nOs

Carraig PhádraigCaiseal na Rí, scriosta ag arm na bParlaiminteoirí roimh Chath Chnoc na nOs.

Dáta: Samhain 1647
Áit: Cnoc na nOs, Corcaigh, Éire.
Toradh: Bua lucht na Parlaiminte.
Céilí comhraic
Arm an Chomhcheangail, Caitlicighí na Mumhan agus méid áirithe de Ghaeil na hAlban. Parlaiminteoirí Shasana
Ceannasaithe
Thiobóid Taaffe, 1ú Iarla Chairlinn
Alastair mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill
Murchadh Ó Briain, 1ú Iarla Inse Uí Chuinn
Slua
c7000 5200
Taismigh
>3000 ~1000

Troideadh Cath Chnoc na nOs sa bhliain 1647, le linn Chogadh na hAon Déag mBliana, cuid de Chogaí na dTrí Ríocht, idir Arm an Chomhcheangail faoi cheannas Thiobóid Taaffe, 1ú Iarla Chairlinn agus arm na bParlaiminteoirí faoi cheannas Murchadh Ó Briain, 1ú Iarla Inse Uí Chuinn (Béarla: Murrough O’Brien). Chreach Murchadh Caiseal sa bhliain 1647 agus rinne sé léirscrios ar Chúige Mumhan, rud a tharraing 'Murchadh an Dóiteáin' air mar leasainm. Rug Murchadh bua mór ar arm Thiobóid Taaffe, an chéad Iarla Chairlinn, ag Cath Chnoc na nOs i Mí na Samhna 1647, bua a mhill Arm an Chomhcheangail i gCúige Mumhan.