Cath an Alamo (1836)
Ar 23 Feabhra 1836, thosaigh Cath an Alamo, nuair a d'ionsaigh fórsaí ó Mheicsiceo na reibiliúnaigh san Alamo. Dúnfort ab ea an 'Misean'[1] Alamo, a tógadh na Spáinnigh sna 1700idí, agus atá suite i gcroílár San Antonio, i dTexas, inniu. Daoine geala ab ea na cosantóirí, iad ag iarraidh neamhspleáchas ó Mheicsiceo a bhaint amach do Texas.
| ||||
Cineál | cath léigear ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Texas Revolution (en) ![]() ![]() | |||
Tréimhse | 23 Feabhra - 6 Márta 1836 | |||
Dáta na bliana | 6 Márta 1836 ![]() | |||
Suíomh | San Antonio, Texas, Texas Misean Alamo, Texas ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
ImeachtaíCuir in Eagar
Rinne an t-arm Meicsiceach, faoi Antonio López de Santa Anna, léigear ar an Alamo ar 23 Feabhra 1836, Bhí 194 fear san Alamo, agus an misean beag Proinsiasach á chosaint acu.
Ar an 2 Márta, fógraíodh Texas a neamhspleáchas i Washington, TX.
Tháinig deireadh, tar éis dhá lá dhéag, le Léigear an Alamo, ar 6 Márta, nuair a threascair fórsaí an Ghinearáil Mheicsicigh Santa Anna, an garastún beag [2] Rinneadh slad ar na “Texians” a bhí ann, Davy Crockett ina measc.
Chuir an t-ionsaí uafás ar Mheiriceá agus d'éirigh Crockett ina laoch pobail. Cloíodh an t-arm Meicsiceach i gCath San Jacinto ar an 21 Aibreán 1836.
D'ionghabh na Stáit Aontaithe Texas in 1845, an 28ú stát san Aontas.