Catherine Martin
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath í Catherine Martin (Gaeilge: Caitríona Ní Mháirtín) (rugadh í i 1972). Tá sí ina ball den Chomhaontas Glas agus ina leascheannaire ar an bpáirtí agus ina TD ón mbliain 2016. Roimhe sin bhí sí ina comhairleoir áitiúil i mBaile Átha Cliath. Múinteoir Béarla a bhí inti roimhe seo.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Meán Fómhair 1972 52 bliana d'aois Muineachán, Éire |
An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán | |
Meitheamh 2020 – | |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath, Ráth an Dúin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath, Ráth an Dúin Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Comhaontas Glas |
Teaghlach | |
Céile | Francis Noel Duffy (2002–) |
Siblín | Vincent P. Martin |
Thug Martin dúshlán Éamon Ryan do cheannaireacht an pháirtí in 2020 ach chaill sí, 994 vóta in aghaidh 946. Ach in 2024, d'fhógair sí nach mbeadh sí ag cur a hainm chun cinn le teacht in áit Ryan mar cheannaire an pháirtí nuair a d'éirigh sé as.[1] Bhí Martin rogha na coitiantachta le teacht i gcomharbacht ar Ryan mar cheannaire.[2]
Aire
cuir in eagarCeapadh Martin mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán in 2020.[3]
Bhí sí ina aire nuair a bhris Scannal íocaíochta RTÉ amach in 2023.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-18). "Éamon Ryan le n-éirí as mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais" (as ga-IE).
- ↑ "‘Tá an tír curtha againn ar a bealach go todhchaí a bheidh níos inbhuanaithe’ – Eamon Ryan ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-18). Dáta rochtana: 2024-06-18.
- ↑ RnaG (2020-09-10). "Catherine Martin, Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta." (ga-IE). RTE Raidió. Dáta rochtana: 2024-06-18.