Cathasach mac Ailealla
Rí Ulad de Dhál Araí ba ea Cathasach mac Ailealla (Sean-Ghaeilge Cathussach mac Ailello) (bás 749). Ailill mac Dúnghaile Eilne (bás 690), iar-rí Dhál Araí, ba ea a athair, agus Cú Chuarán mac Dúnghaile Eilne (bás 708), iar-rí Ulad, a uncail.[1][2][3] Bhí Eilne suite idir an Bhanna agus an Bhuais i gContae Aontroma. Bhí sé i réim ón mbliain 735 go dtí 749.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 749 |
Rí | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Cináed Ciarrge mac Cathussaig |
Athair | Ailill mac Dúnghaile Eilne |
Ní fios go cruinn cathain ar éirigh sé ina rí Dhál Araí. Feictear tásc Duib dá Inbir meic Congalaig rí na gCruithne (seo an teideal a thugtaí dóibh sna hannála) don bhliain 727. Feictear Ionrachtach mac Leathlobhair (bás 741) sa ríliosta roimh Chathasach, ach b'fhéidir é gur tháinig Ionrachtach mar chomharba i ríogacht Araí nuair a ndearnadh rí na nUlad de féin sa bhliain 735.[4]
Maraíodh Cathasach ag Ráith Beithech, Contae Aontroma, is dócha ar mhaithe le Dál Fhiatach a thóg ar ais ríogacht na nUlad.[5][6][7]
Ní thugtar ina thásc an teideal rí Ulad do Chathasach ní i nAnnála Tiarnaigh ní Annála Uladh, ach in ionad sin rí Cruithne. Creideann Byrne go raibh idir-ríocht ann idir 735 agus 750.[8] Mar fíor, cuireann sí in úil go raibh Cathasach i gcoróin mar rí Dhál Araí ón mbliain 741 go dtí 749, agus dá bharr a áit i ríliosta na gCruithne.
Rinneadh rí Dhál Araí fosta dá mhac, Cináed Ciarrge (bás 776).
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 7
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín XXII
- ↑ Mac Niocaill, lch. 156
- ↑ Mac Niocaill, lch. 137
- ↑ Annála Uladh, AU 749.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 749.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 137
- ↑ Byrne, lch. 118