Ins na córais parlaiminte éagsúla, bíonn an ceann comhairimh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar thoghcháin i dtoghlaigh amháin nó níos mó.

An Astráil cuir in eagar

San Astráil is fostaí de chuid Choimisiúin Toghcháin na hAstráile nó Coimisiúin Toghcháin Stáit é an ceann comhairimh, a bhíonn i gceannas, go lánaimseartha, ar an roinnoifig áitiúil, agus a dhéanann maoirseacht ar thoghcháin sa rannóg sin, nó fostaí de ghnólacht príobháideach a mbíonn i mbun toghcháin agus / nó ballóidí sna hearnálacha príobháideacha agus / nó poiblí, nó aon duine a láimhseáileann aon toghcháin agus / nó ballóide d'aon ghrúpa nó ghrúpaí.

Éire cuir in eagar

Sa Phoblacht, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh bíonn post an an cheann comhairimh i seilbh Sirriam na Cathrach, agus sna ceantair eile i seilbh Chláraitheora Contae an cheantair (oifigeach cúirte sinsearach). I gcás toghcháin áitiúil, bíonn an post i lámha phríomhchinnire riaracháin na comhairle áitiúla. Bíonn oifigeach sinsearach ón oifig toghchórais sa Roinne Comhshaoil ag freastal mar cheann comhairimh toghchán uachtaránachta agus tabhairt faoi comhairimh toghcháin na hUachtaráin agus reifrinn.