Charles Trevelyan

riarthóir coilíneach Sasanach
(Athsheolta ó Charles Edward Trevelyan)

Státseirbhíseach agus riarthóir coilíneachta Briotanach ab ea Charles Edward Trevelyan (2 Aibreán 1807 – 19 Meitheamh 1886). D'oibrigh sé leis an rialtas coilíneach i gCalcúta na hIndia nuair a bhí sé ina fhear óg. D’fhill sé ar an mBreatain agus ghlac sé le post mar Rúnaí Cúnta an Státchiste. Lena linn sin, bhí sé freagrach as polasaí tubaisteach an rialtais ar an nGorta Mór. Bhí Trevelyan lárnach sa phróiseas athchóirithe ar Státseirbhís na Breataine sna 1850idí.

Infotaula de personaCharles Trevelyan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Aibreán 1807
Taunton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meitheamh 1886
79 bliana d'aois
Cearnóg Eaton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gobharnóir Mhadras
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Charterhouse
Scoil Blundell Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalBairnéad Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHannah More Macaulay (1834–luach anaithnid)
Eleanora Ann Campbell (1875–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGeorge Otto Trevelyan
 ( Hannah More Macaulay)
Margaret Jean Holland
 ( Hannah More Macaulay)
Alice Frances Trevelyan
 ( Hannah More Macaulay) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Trevelyan  agus Harriet Neave
SiblínFrances Agnes Trevelyan
Gradam a fuarthas

Nuair ba mheasa an gorta, bhí Trevelyan mall ag tabhairt amach cúnamh bia agus airgid do mhuintir na hÉireann mar gheall ar a chreideamh láidir in eacnamaíocht laissez-faire agus sa gheilleagar saormhargaidh.[1]  Scríobh sé faoin Ghorta Mór i dtéarmaí ciníocha agus cinedhíothacha: “Sheol breithiúnas Dé an tubaiste chun ceacht a mhúineadh do na hÉireannaigh, níor chóir an tubaiste sin a mhaolú rómhór. … Ní hé olc ábhartha an Ghorta an fíorolc a gcaithfimid cur ina choinne, ach an t-olc morálta a bhaineann le nádúr leithleach claonach clamprach an phobail.”[2]

Bunús eitneach

cuir in eagar

Ba de shliocht uasal ársa de Chorn na Breataine, rugadh é i dTaunton, Somerset, mac leis an Urramach George Trevelyan, an tráth úd ina shagart Cornach, ina dhiaidh sin Ard-deagánach Taunton, 3ú mac Sir John Trevelyan Bt FP de Nettlecombe Court i Somerset. Ba í Harriet Neave, iníon an Bhairnéid Sir Richard Neave FP, Gobharnóir Bhanc Shasana, a mháthair. mac leis an Urramach George Trevelyan, ministir Cornach ag an am sin,[3] agus Ard-Déagánach Taunton níos déanaí. Ba í Harriet Neave a mháthair, iníon le Richard Neave, an 1ú Bairnéad.

Díorthaíodh cuid mhaith de shaibhreas an teaghlaigh ó shealbhú sclábhaithe i nGreanáda.[4]

D'fhreastail sé ar Blundell's School in Devon, ar Charterhouse School, agus ansin ar Choláiste Chomhlacht na nIndiacha Thoir (East India Company College) ag Haileybury in Hertfordshire. Bhí Trevelyan ina mhac léinn de chuid an eacnamaí Thomas Malthus ag Haileybury. Deirtear go minic gurb é seo an fáth ar chloígh sé chomh docht sin le teoiricí daonra Mhalthus le linn an Ghorta Mhóir.[5]

Gairmréim

cuir in eagar

Sa bhliain 1826, ghlac sé post le Comhlacht na nIndiacha Thoir mar scríbhneoir tar éis dó cumas maith i dteangacha agus i gcanúintí na hÁise a léiriú ó bhí sé óg. Ar an 4 Eanáir 1827, ceapadh Trevelyan mar chúntóir do Charles Theophilus Metcalfe, an coimisinéir i nDeilí, áit ar cuireadh de chúram air roinnt misean tábhachtach a chur i gcrích. Ar feadh tamaill, bhí sé ina chaomhnóir ar an ógánach Madhu Singh, an Ráiseá Bhurtpore. D’oibrigh sé freisin chun cóir mhaireachtála an phobail dhúchasaigh a fheabhsú.[6] Chuir sé deireadh leis na dleachtanna iompair a bhí ina mbac ar thrádáil inmheánach na hIndia le fada an lá. As na seirbhísí seo, fuair sé buíochas ón Ard-Ghobharnóir. Sular fhág sé Deilí, bhronn sé airgead dá chuid féin chun sráid leathan a thógáil trí bhruachbhaile nua, ar tugadh Trevelyanpur air ón am sin amach.

Sa bhliain 1831, bhog sé go Calcúta, agus ceapadh é mar leas-rúnaí an rialtais sa roinn polaitíochta. Bhí díograis ar leith ar Trevelyan i gcúrsaí oideachais, agus sa bhliain 1835, go mór mór mar gheall ar a sheasmhacht, rinne an rialtas cinneadh i bhfabhar litríocht agus eolaíocht na hEorpa a scaipeadh i measc na nIndiach. D’fhoilsigh Trevelyan cuntas ar iarrachtaí an rialtais sa réimse oideachais, dar teideal On the Education of the People of India, sa bhliain 1838. I mí Aibreáin 1836, ainmníodh é ina rúnaí ar bhord ioncaim Sudder, oifig a bhí aige go dtí gur fhill sé ar Shasana i mí Eanáir 1838.

Ról s'aigesan sa Ghorta Mór

cuir in eagar

Ar 21 Eanáir 1840, thosaigh sé i bpost nua mar rúnaí cúnta Státchiste na Banríona i Londain, agus d'oibrigh sé sa ról sin ar feadh naoi mbliana déag. In Éirinn, rinne sé riaradh ar oibreacha fóirithinte idir 1845 agus 1847, nuair a bhí breis agus 734,000 fear fostaithe ag an rialtas le linn an Ghorta Mhóir. Meastar go bhfuair timpeall is milliún duine bás in Éirinn de bharr an ocrais agus an ghalair eipidéime idir 1846 agus 1851, agus chuaigh thart ar dhá mhilliún eile ar imirce i dtréimhse beagáinín níos mó ná deich mbliana (1845–55). Ar 27 Aibreán 1848, bronnadh teideal KCB (Knight Commander of the Order of the Bath) ar Trevelyan i ndíol ar a chuid seirbhíse.

Thosaigh an Gorta Mór in Éirinn mar thubaiste nádúrtha ar scála ollmhór, ach chuaigh na héifeachtaí in olcas mar gheall ar ghníomhartha agus easpa gníomhaíochta an rialtais Fuig, faoi cheannas an Tiarna John Russell sna blianta ríthábhachtacha ó 1846 go 1852. Chreid go leor ball d’uasaicme agus de mheánaicme na Breataine gur foiche Dé é an gorta. Rinne Trevelyan a dhícheall an dearcadh seo a chur chun cinn, agus bhí cumhacht ar leith aige toisc gurbh é a bhí freagrach as polasaí fóirithinte na hÉireann a riaradh ar feadh blianta an ghorta. Ina leabhar The Irish Crisis, a foilsíodh in 1848, rinne Trevelyan cur síos ar an ngorta mar “bhuille díreach ó Dhia uilefheasach uilethrócaireach”, buille a nocht “fréamh dhomhain dhaingean an olcais shóisialta”. Dúirt sé gurb é an gorta “an cógas géar, ach éifeachtúil, lenar féidir an leigheas a chur i gcrích... Go dtuga Dia don ghlúin dár tairgeadh an deis iontach seo a páirt a dhéanamh i gceart…”[7] Is de bharr an mheoin seo a chuir Trevelyan ina luí ar an rialtas gan tada a dhéanamh chun srian a chur ar dhrochéifeachtaí an ghorta.

Le linn an Ghorta Mhóir, go háirithe sa bhliain 1846, bhí Rialtas Fuig-Liobrálach i gcumhacht sa Bhreatain, agus Trevelyan i gceannas ar an Státchiste.[8] Sa phost seo, bhí tionchar nach beag aige ar chinntí na Parlaiminte, go háirithe na pleananna i gcomhair fóirithinte in Éirinn. [9] Mar aon leis an rialtas Fuig, chreid sé go raibh ar Éirinn í féin a chur ina ceart agus gurbh é dearcadh laissez-faire an réiteach ab fhearr. Chreid sé dá dtabharfadh Rialtas na Breataine gach a raibh ag teastáil d’Éirinn, go rachadh muintir na hÉireann i muinín Rialtas na Breataine in ionad a gcuid fadhbanna féin a réiteach.[10] Dá bharr seo, i samhradh na bliana 1846, thug Trevelyan ordú Cláir Fóirithinte Peel, a bhí i bhfeidhm ó bhlianta tosaigh an ghorta, a dhúnadh. Rinne Sir Charles Wood é seo an 21 Iúil 1846. [11]

Tar éis deireadh Chláir Fóirithinte Peel, rith an rialtas an tAcht um Rátaí Saothair, a sholáthair cúnamh do na ceantair ba mhó a bhí buailte ag an ngorta amháin.[10] Thóg sé go leor ama an tAcht seo a chur i bhfeidhm, de réir mar a bhí beartaithe ag Trevelyan, rud a lig do rialtas na Breataine a laghad airgid agus is féidir a chaitheamh chun teacht i bhfóir ar dhaoine a bhí fáil bháis leis an ocras. Chreid Trevelyan gur cheart go bhfeicfeadh an lucht oibre gur cúis áthais an gorta, mar dheis a bhfómhar féin a chur isteach, agus pá a fháil trí fómhar a dhéanamh ar son feirmeoirí móra freisin.[10] Ach mar gheall ar dhúchan na bprátaí, ní raibh aon fhómhar le cur isteach, agus ní raibh na feirmeoirí in ann oibrithe talmhaíochta a fhostú.[10]

Chuir Trevelyan a thuairimí in iúl i litreacha chuig an Tiarna Monteagle Bhréanainn agus in alt in The Times. Ach sa bhliain 1846, bhí níos mó ná nócha faoin gcéad den bharr prátaí scriosta.[12] Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár cuireadh isteach ar na barra móra coirce agus gráin, agus dá ndéanfaí na barra sin a dháileadh ar mhuintir na hÉireann seachas iad a onnmhairiú, d’fhéadfaí an t-ollocras a sheachaint.[13]

Scríobh Trevelyan chuig an Tiarna Monteagle Bhréanainn, iar-Sheansailéir an Státchiste, go raibh an gorta ina “mheicníocht éifeachtach chun daonra iomarcach a laghdú”, agus gur “breithiúnas Dé” a bhí ann. Ina theannta sin, scríobh sé “Ní hé olc ábhartha an Ghorta an fíorolc a gcaithfimid cur ina choinne, ach an t-olc morálta a bhaineann le nádúr leithleach claonach clamprach an phobail”.[14]

Ina litir chuig an Tiarna Monteagle ar an 9 Deireadh Fómhair 1846, dúirt Trevelyan go raibh “bunaíochtaí an rialtais ag déanamh a ndíchill an mórthubaiste seo a mhaolú agus an chontúirt seo a sheachaint” mar a bhí ar a gcumas déanamh amhlaidh.[15] Mhol Trevelyan an rialtas, ach cháin sé na huaisle Éireannacha ina litir, ag cur an mhilleáin orthu as an ngorta.[15] Chreid sé go raibh na tiarnaí talún freagrach as na oibrithe a bheathú agus táirgiúlacht na talún a mhéadú.[15] D'aontaigh The Times le Trevelyan, ag cur locht ar na huaisle toisc nár thugadar treoir dá gcuid tionóntaí an talamh a fheabhsú agus barra seachas prátaí a chur.[16] Ina litir chuig an Tiarna Monteagle, cheangail Trevelyan na huaisle leis “an gcuid lochtach den charachtar náisiúnta” acu agus cháin sé iad as a bheith ag súil go gcuirfeadh an rialtas gach rud ina cheart, “amhail is nach bhfuil aon pháirt acu féin sa ghéarchéim mhór seo.” [15] Trí mhilleán a chur ar na huaisle, bhí Trevelyan ag cosaint gníomhartha, agus easpa gníomhaíochta, Rialtas na Breataine. Ar ndóigh, bhí na huaisle céanna ag saothrú barra coirce agus gráin chomh maith le feoil — bia a bhí á easpórtáil go Sasana de réir an tonna, faoi gharda armtha.

In am, scaip dúchan na bprátaí chuig Garbhchríocha na hAlban, agus ba chúis anró agus bháis é thall ansin freisin. Sa bhliain 1851, mar fhreagra ar an ngéarchéim sin, bhunaigh Trevelyan agus Sir John McNeill an Highland and Island Emigration Society. Ó 1851 go dtí gur cuireadh deireadh leis in 1858, rinne an cumann urraíocht ar imirce timpeall 5,000 Albanach go dtí an Astráil, agus mar sin mhéadaigh sé an dochar a rinne “Fuadach nan Gàidheal”.[17]

Athchóiriú na Státseirbhíse

cuir in eagar

Sa bhliain 1853, mhol Trevelyan córas nua chun daoine a fhostú i státseirbhís an rialtais. Leag Tuarascáil Northcote–Trevelyan, a shínigh sé féin agus Sir Stafford Northcote i mí na Samhna 1853, dar teideal The Organisation of the Permanent Civil Service, an dúshraith chun daoine cáilithe agus oilte a earcú i bpoist nach raibh ar fáil roimhe sin ach do dhaoine uaisle agus baill de theaghlaigh a raibh tionchar acu, agus a bhain leas as líonraí pearsanta. An sprioc a bhí ann ná córas bunaithe ar thuillteanas chur ar bun.

Cultúr an Phobail

cuir in eagar
  • D’admhaigh Anthony Trollope gurbh é Trevelyan an múnla do Gregory Hardlines ina úrscéal The Three Clerks (1858) [18]
  • Is dócha gur bhunaigh Charles Dickens an t-uasal finíoch Tite Barnacle, carachtar ina úrscéal Little Dorrit, ar Trevelyan.[19] Tá Barnacle i gceannas ar “Oifig na Timchainte”, áit a dtéann gach rud timpeall i gciorcail, agus nach ndéantar aon rud riamh.
  • Déanann an banna rac-cheoil Gael-Mheiriceánach Black 47 tagairt do Trevelyan ina n-amhrán den ainm céanna ar an albam Fire of Freedom, Tá an Bhanríon Victoria agus an Tiarna Russell luaite i measc na ndaoine a bhí freagrach as an nGorta Mór.
  • Tagraítear do Trevelyan san amhrán Éireannach “The Fields of Athenry” le Pete St. John, faoin nGorta Mór: “Michael, they have taken you away / because you stole Trevelyan's corn / so the young might see the morn / now a prison ship lies waiting in the bay.[20] Mar gheall ar a chuid polasaithe le linn an Ghorta Mhóir, tá Trevelyan i measc na ndaoine is mó a bhfuil gráin air i stair na hÉireann, in éineacht le hOliver Cromwell, a chloígh an tír sa 17ú haois.

Foilseacháin

cuir in eagar
  • The Application of the Roman Alphabet to all the Oriental Languages, 1834; 3ú heagrán, 1858.
  • A Report upon the Inland Customs and Town Duties of the Bengal Presidency, 1834.
  • The Irish Crisis, 1848; 2ú heagrán, 1880.
  • The Army Purchase Question and Report and Evidence of the Royal Commission considered, 1858.
  • The Purchase System in the British Army, 1867; 2ú heagrán, 1867.
  • The British Army in 1868, 1868; 4ú heagrán, 1868.
  • A Standing or a Popular Army, 1869.
  • Three Letters on the Devonshire Labourer, 1869.
  • From Pesth to Brindisi, being Notes of a Tour, 1871; 2ú heagrán, 1876.
  • The Compromise offered by Canada in reference to the reprinting of English Books, 1872.
  • Christianity and Hinduism contrasted, 1882.
  1. A History of Britain, Simon Schama, 2001
  2. "(Sir) Charles Edward Trevelyan". Dáta rochtana: 2022-07-17. ““The judgement of God sent the calamity to teach the Irish a lesson, that calamity must not be too much mitigated. … The real evil with which we have to contend is not the physical evil of the Famine, but the moral evil of the selfish, perverse and turbulent character of the people””
  3. Balfour, R.A.C. (1990–92). "The Highland and Island Emigration Society, 1852–1858". Transactions of the Gaelic Society of Inverness LVII: 429–566. 
  4. Sam Knight (2021-08-16). "Britain’s Idyllic Country Houses Reveal a Darker History". The New Yorker. Dáta rochtana: 2022-07-17.
  5. Laura Trevelyan (2006). "A Very British Family: The Trevelyans and their World" (as en): 25. Londain: I. B. Taurus. 
  6. McRae (1962). "Sir Charles Trevelyan's Indian Letters, 1859–1865". The English Historical Review 77 (305): 706–712. Oxford University Press. doi:10.1093/ehr/lxxvii.cccv.706. 
  7. C. E. Trevelyan, Esq. (1848). "The Irish Crisis" (as en): 201. Londain: Longman, Brown, Green, & Longmans. Dáta rochtana: 2022-07-17. “…the sharp but effectual remedy by which the cure is likely to be effected… God grant that the generation to which this great opportunity has been offered may rightly perform its part…” 
  8. Ciarán Ó Murchadha. "The Great Famine: Ireland's Agony 1845–1852" (as Béarla): 50. Hambledon Continuum. 
  9. Ó Murchadha 2011, p. 50.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 Ó Murchadha 2011, p. 54.
  11. Ó Murchadha 2011, p. 51.
  12. Murchadha 2011, p. 48.
  13. "History – British History in depth: The Irish Famine". BBC.
  14. "The great famine — UK Parliament". Dáta rochtana: 2022-07-17.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 “Letter of Trevelyan to Lord Monteagle,” (9 Deireadh Fómhair 1846) in Kissane (eag.), lch. 51
  16. Nuachtán The Times (22 Meán Fómhair 1846), in Gray, lgh. 154-155
  17. MacMillan (1963). "Sir Charles Trevelyan and the Highland and Island Emigration Society, 1849-1859". Journal of the Royal Australian Historical Society 49. 
  18. "Hardlines, Sir Gregory — Trollope Society". The Trollope Society. Dáta rochtana: 2022-07-17.
  19. Lauren M. E. Goodlad (2013). "Victorian Literature and the Victorian State" (as Béarla): 121. JHU Press. 
  20. "DROPKICK MURPHYS LYRICS".