Chris Hadfield
Is spásaire é Chris Hadfield, a rugadh ar 29 Lúnasa 1959 i Sarnia, Ontario.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Saol Pearsanta
cuir in eagarTógadh Hadfield ar fheirm aerbhair i ndeisceart Ontario. Bhí suim aige faoi eitilt ó aois an-óg agus bhí spéis aige faoi a bheith ina spásaire nuair a chonaic sé an tuirlingt Apollo 11 i 1969. Tá sé pósta lena chailín ó ardscoil, Helene, agus tá triúr páistí acu: Kyle, Evan agus Kristin. Is fear mór haca oighir é agus leanann sé na Toronto Maple Leafs. Chaith sé geansaí spóirt na Leafs faoi a chulaith spáis i rith a athiontráil Soyuz TMA-07M i mí Bealtaine 2013.
Oiliúint
cuir in eagarBa é rún a chroí bheith ina spásaire ó a d’fhéach sé ar an dtuirlingt Apollo 11 i mí Iúil 1969 nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois. Áfach, ní raibh clár spásaire ag an nGníomhaireacht Spáis Ceanadach. Mar sin chuaigh sé isteach sa Mhíleata Ceanadach i 1978 agus chaith sé dhá bhliain ag Royal Roads Military College, Victoria, Columbia Briotanach agus dhá bhliain eile i Royal Military College, Kingston, Ontario. Fuair sé Céim Bhaitsiléara in innealtóireacht meicniúil i 1982.
I 1983 bhain Hadfield céim amach leis an ngradam is aired ó bhunoiliúint scairdeitleán ag CBF Moose Jaw. Ansin fuair sé oiliúint mar píolóta oirbheartaíoch leis an 410 Tactical Fighter Operational Training Squadron ag CBF Cold Lake. Tar éis a chríochnaigh sé a oiliúint d’eitilt sé leis an 425 Tactical Fighter Squadron do NORAD. Déanach sna 80idí d’fhreastail sé ar an US Air Force Test Pilot School ag Bunáit Aerairm Edwards, mar oifigeach malairte leis an Cabhlach Meiriceánach. I mí Bealtaine 1992 bhain sé Céim Mháistir amach i córas eitleoireacht ón Institúid Spáis, Ollscoil Tennessee.
I mí Meitheamh 1992 roghnaíodh Hadfield a bheith mar cheann de ceathrar spásairí Ceanadaigh ó 5,330 iarrthóirí. Chuaigh sé go dtí Ionad Spáis Johnson i Houston, Texas. Ansin chuaigh sé i ngleic le fadhbanna teichniciúil agus sábháilteacht faoin spástointeálaí agus cabhair sé le leanseála na spástointeálaithe ón Ionad Spáis Kennedy i Florida. Ba é an príomh-CAPCOM (an duine a labhraíonn leis na spásairí) do fiche cúig misin spástointeálaithe.
Rinne sé oiliúint a bheith cáilithe mar innealtóir eitilte leis an Soyuz TMA agus chun siúlóidí spáis a dhéanamh sa chulaith spáis Rúiseach, Orlan.
STS-74
cuir in eagarBa é Hadfield an céad speisialtóir misin ar STS-74 ar an Spástointeálaí Atlantis i mí Samhain 1995. Ba é seo an dara misin ó NASA a nasc leis an stáisiún spás Rúiseach Mir. Cheangail siad modúl nasctha agus thug siad soláthar do na spásairí ar bord. Ba é an céad Ceanadach a oibrigh an Canadarm (an lámh róbatach a rinneadh i gCeanada don spástointeálaí) i bhfithis agus is é an t-aon Ceanadach a bhí ar Mir riamh.
STS-100
cuir in eagarI mí Aibreáin 2001 ba é Hadfield an céad speisialtóir misin arís, anois ar STS-100, an eitilt chóimeáil SSI (Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta) uimhir 6A, ar an Spástointeálaí Endeavour. Shuiteáil siad an Canadarm2 (an lámh róbatach a rinneadh i gCeanada don SSI), agus an modúl athsholáthair Iodálach Raffello. I rith an eitilt seo rinne Hadfield dhá siúlóidí spáis, mar seo ba é an céad Ceanadach riamh a rinne siulóid spáis.
SSI
cuir in eagarAr an 19ú Nollaig 2012 theilg Hadfield san eitilt Soyuz TMA-07M ó láthair 1/5 ag Spásfort Baikonur don 35ú turas go dtí an SSI. Ba é an céad Ceanadach i gceannas ar na SSI nuair a fhág an criú ón 34ú turas i mí Márta 2013, agus ar an 12ú Bealtaine 2013 thug sé an ceannas don chéad duine eile agus d’fhill sé abhaile an lá dár gcionn. Ba é sin a eitilt dheireanach agus d’éirigh sé as a phost tar éis é sin.