Polaiteoir Meiriceánach is ea Christine Callaghan Quinn, a rugadh ar 25 Iúil 1966 i nGlen Cove, Nua-Eabhrac. Ball den Pháirtí Daonlathach atá inti.

Infotaula de personaChristine Quinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1966
58 bliana d'aois
Glen Cove, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Trinity Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1960814 Twitter: chriscquinn Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Quinn ina bhall de Chomhairle Chathair Nua-Eabhrac ó 2 Samhain 1999 go 31 Nollaig 2013. Bhí sí ina Ceannchomairle ar an Chomhairle ó 1 Eanáir 2006 go 31 Nollaig 2013. Ise an tríú duine a raibh an post cheannchomhairle aici, agus an chéad bhean agus an chéad duine aerach sa phost. Agus í ina ceannchomhairle, ba Quinn an tríú oifigeach ba chumachtaí i gCathair Nua-Eabhrac, i ndiaidh an mhéara agus na habhcóide poiblí. Sheas sí do phost an mhéara sa bhliain 2013 mar chomharba ar Michael Bloomberg ach theip uirthi nuair a tháinig sí isteach sa tríú háit i réamhthoghchán na nDaonlathach.

Bhain Quinn céim baitsiléara amach i gColáiste Trinity in Hartford, Connecticut, sa bhliain 1988. Phós sí Kim Catullo sa bhliain 2012. Cónaíonn siad in Chelsea, i Manhattan, agus caitheann siad deirí seachtaine sa samhradh i dteach a cheannaigh siad in Bradley Beach, New Jersey.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar