Ciúb Rubik
Fadhb mhatamaiticiúil nó tomhas, is é an Ciúb Rubik no Rubik's Cube.
![]() | |
Sampla de | combination puzzle (en) ![]() |
---|---|
Cruthaitheoir | Ernő Rubik |
Foilsitheoir | Ideal Toy Company (en) ![]() |
Dáta a cruthaíodh | 19 Bealtaine 1974 |
Ainmnithe in ómós | Ernő Rubik |
Gradam a fuarthas | Q44505344 ![]() |
Tuilleadh eolais | |
Láithreán gréasáin oifigiúil | rubiks.com ![]() |
StairCuir in Eagar
Ailtire Ungárach darbh ainm Ernő Rubik a cheap an chéad cheann acu sa mbliain 1974. Tá an ciúb ainmnithe as a ceapadóir. Fuair Rubik an phaitinn air sa bhliain 1975 agus tosaíodh á tháirgeadh mar bhréagán sa bhliain chéanna. In imeacht bliana, bhí 200 milliún Rubik Cube ceannaithe ar fud an domhain.[1]
Bhí nuachtáin, irisí eolaíochta, leighis agus oideachais á mholadh go hard na spéire. Bhí ceann acu ar sheastán sa Museum of Modern Art i Nua-Eabhrac. Bhí cláracha teilifíse bunaithe air.
I samhradh na bliana 1982, tionóladh an chéad Chraobh an Domhain i mBúdaipeist. Ba chomhartha go raibh sé ag dul i léig nár eagraíodh aon Chraobh an Domhain ón gcéad cheann go dtáinig 2003.[1]
Cur síosCuir in Eagar
Ciúb daite atá ann is é roinnte i 26 ciúb neamhiomlán (ciúbáin).[2] 6 cinn díobh seo, is láir iad is ní féidir leo ach rothlú san ionad céanna; 8 gceann díobh, is cúinní iad; an 12 ceann eile, is imill iad. Is féidir an 20 ciúbán deireanach seo a aistriú. déanta ar chaoi a cheadaíonn don té a bhfuil sé ina lámh na taobhanna a chasadh pé bealach is mian leis.[2] Ceathair nó cúig de chastaí agus tá brachán déanta d’ord agus d’eagar na ndathanna agus an dúshlán anois iad a chur ar ais mar a bhí – a thaobh beag deas néata arís ag an mbán, dearg, gorm, oráiste, uaine agus buí.[1]
Is féidir timpeall 4.3 × 1022 comhcheangal a bhaint amach, ach níl ach slí amháin chun dath amháin a chur ar gach taobh.
Bhí an-tóir ar an Ciúb i ndeireadh na 1970idí, agus tá an tomhas an-choitianta fós.
CuriarrachtaíCuir in Eagar
Is é Max Park, Meiriceánach. 'Usain Bolt' an Rubik Cube. Is ina sheilbh atá chuile churiarracht dhomhanda i gcúig cinn de na sé roinn atá sa gcomórtas. Lena leathlámh tá sé in ann an ciúb 3x3x3 a chur ar ais sa riocht ina raibh sé in imeacht 9.42 soicind.
Ag Astrálach darb ainm Feliks Zemdegs atá an t-aon churiarracht nach bhfuil ag Parks (3x3x3 leis an dá lámh). Beagán le ceithre shoicind a thóg sé air, [1]
An ciúb inniuCuir in Eagar
Ó 2019 ar aghaidh, bhí cead ag comhlachtaí leaganacha nua den chiúb Rubix a cheapadh agus iad ar fad ag baint barr dá chéile ag iarraidh an ceann is mó a mbeadh tóir air a chur ar an margadh.[1]
inniu tá cinn phóca ar fáil, cinn atá níos mó, cinn a bhíonn níos téagartha ina lár ná a bhíonn ina mbun agus ina mbarr, cinn a mbíonn múnla dá chuid féin ar an bpíosa corr agus mar sin de.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |