Cianbhaictéir

fíleam prócarót

Is éard is Cianbhaictéir (ar a dtugtar freisin algaí gormghlasa, baictéir gormghlasa, agus Cianaifhítea) ann ná fíleam de bhaictéir a fhaigheann a gcuid fuinnimh trí fhótaisintéis, le colainn cosúil le halga agus struchtúr ceallach (prócarótach) cosúil le baictéar. Tagann an t-ainm "cianbhaictéir" nó "cyanobacteria" ó dhath na mbaictéar (Gréigis: κυανός (kyanós) = gorm). An núicléas gan scannán dá chuid féin chun é a scaradh ón gcíteaplasma. Faightear an lí fhótaisintéiseach clóraifill a ar scannán ar leith (an tíleacóideach) nach bhfuil cuimsithe taobh istigh de chlóraplaist mar a bhíonn i bhfíoralga. Orgánach an-ársa (tháinig siad ar an bhfód tuairim is trí bhilliún bliain ó shin) agus tuigtear go raibh sé freagrach as saibhriú atmaisféar an Domhain le hocsaigin mar fho-tháirge ar a fhótaisintéis. Níos mó ná 1,000 speiceas beo ar eolas. Faightear i gcuid mhaith gnáthóg uisciúil é, ach san ithir is ar dhromchlaí carraigeacha freisin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCianbhaictéir
Cyanobacteria Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FíleamCyanobacteria Cuir in eagar ar Wikidata
Caval.-Sm., 2002
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Cyanophyta Cuir in eagar ar Wikidata
Ex taxon author (en) AistrighRoger Stanier Cuir in eagar ar Wikidata