Is láithreán eaglasta meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta í Cill Maoilchéadair, atá suite i gContae Chiarraí, Éire.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cill Maoilchéadair
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 11′ 05″ N, 10° 20′ 12″ O / 52.184767°N,10.336536°W / 52.184767; -10.336536
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir65

Tá Cill Maoilchéadair suite i gCorca Dhuibhne, 4.8 km soir ó Bhaile an Fheirtéaraigh agus 6.7 km siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúis, ag 52° 11′ 05″ N, 10° 20′ 10″ O / 52.184775°N,10.33623°W / 52.184775; -10.33623

Go traidisiúnta, tá baint ag Cill Maoilchéadair le Naomh Breandán (c. AD 484 – c. 577), acn freisin le naomh áitiúil Maol Chéadair,[1] a fuair bás sa bhliain 636.[2] Téann an séipéal, atá fós ann siar go dtí lár an 12ú haois, agus síneadh an seansal c. 1200.[3]

Ba láithreán tionóil d'oilithrigh í, a shiúl Casán na Naomh[4] soir ó thuaidh go Cnoc Bréanainn.[5]

Tugann cuid de na deasghnátha a rinne muintir na háite, cosúil le naoi gciorcad deiseal a dhéanamh Domhnach Cásca, nó tolladh poill i gclocha, le fios go bhfuil iarsmaí de reiligiún na gCeilteach iontu; B'fhéidir gur suíomh reiligiúnach a bhí i gCill Maoilchéadair i bhfad sular tháinig an Chríostaíocht.[6]


Foirgnimh agus clocha

cuir in eagar

Tá an séipéal cosúil le Séipéal Chormaic ar Charraig Phádraig (tógtha 1127–1134). Tá corp na heaglaise 8.28 m × 9.4 m le hantae agus beanna géara. Tá an saingeal 5.72 m × 5.1 m go seachtrach. Is píosa suntasach Rómhánúil-Ibeirneach [7][7] é an doras. Tugtar "Súil na snáthaide" ar pholl i mballa thoir an tsaingil; más féidir le duine dul tríd, is cinnte go rachaidh sé/sí ar neamh.[6]


 
Cloch Oghaim. Is leithleach é an poll tollta sa bharr.

Téann an chloch Oghaim (CIIC 187) siar go dtí c. AD 600, agus léitearléitear inscríbhinn:

ẠṆM MẠỊLE-INBIR/ MACI BROCANN
in ainm Mhaol-Inbhir mhic Bhroccáin[8][9][10][11][12]