Claude Monet
péintéir Francach
Ealaíontóir Francach ab ea Oscar-Claude Monet (14 Samhain 1840 – 5 Nollaig, 1926).
Claude Monet | |
![]() . | |
Ainm Breithe | Oscar-Claude Monet |
Breith | 14 Samhain, 1840 Páras, An Fhrainc |
Bás | 5 Nollaig, 1926 Giverny |
Náisiúntacht | Francach |
Bhí sé i measc máistrí ealaíne an 19ú haois. D’éirigh Monet ina dhuine ba mhó a raibh tionchar aige ar ealaín nua-aimseartha sa chéad leath den fhichiú céad.
SaotharCuir in Eagar
Ghlac Monet leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Bhain sé leis na hImpriseanaithe agus ghlac páirt ina dtaispeántais (1874–1886). Ach ag an am céanna d’fhorbair sé a stíl phearsanta féin[1].
Ceann dá shaothair, Impression, soleil levant (Imprisean, Éirí na Gréine, 1872), a thug a hainm do ghluaiseacht an Impriseananachais san ealaín.