Bhunaigh Clement Byrne Christesen (1911–2003) Meanjin, iris liteartha Astrálach a bhfuil tábhacht ar leith léi ina tír féin. Ba é Christesen eagarthóir na hirise ón mbliain 1940 go dtí an bhliain 1974.

Infotaula de personaClem Christesen
Beathaisnéis
Breith28 Deireadh Fómhair 1911
Townsville, Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 2003
91 bliana d'aois
Templestowe, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir, léirmheastóir liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileNina Christesen Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Beatha cuir in eagar

Rugadh Christesen Townsville, áit ar chaith sé a óige. Ba de shliocht Éireannach agus Danmhargach a athair Patrick, agus ba de shliocht Éireannach a mháthair den chuid is mó. D’aistrigh siad go Brisbane sa bhliain 1917, áit ar fhreastail Christesen ar Ollscoil Queensland.

Tar éis gur fhág sé an ollscoil chuaigh sé ag obair mar iriseoir don Courier-Mail in Brisbane agus don Telegraph, agus bhí sé ina oifigeach poiblíochta ag rialtas Queensland.[1] Foilsíodh Meanjin den chéad uair sa bhliain 1940, nuair a tháinig Christesen ar ais ón iasacht. Nuair a tairgeadh tuarastal agus tacaíocht dó, d’aistrigh sé go dtí Ollscoil Melbourne sa bhliain 1945. D’éirigh sé as post an eagarthóra sa bhliain 1974.

Duaiseanna cuir in eagar

Ghnóthaigh Christesen a lán duaiseanna lena linn.

  • Officer of the Order of British Empire, 1 Eanáir 1962, In recognition of service to Australian literature[2]
  • Medal of the Order of Australia, 26 Eanáir 2000, for service to the development of Australian creative and critical writing as founder and editor of Meanjin Quarterly
  • Centenary Medal, 1 Eanáir 2001, for service to Australian society and the humanities in writing and literature

Nótaí cuir in eagar

  1. Hergenhan 2003
  2. http://www.london-gazette.co.uk/issues/42553/supplements/37 Aimsíodh ar 22 Meitheamh 2012

Tagairtí cuir in eagar

  • Lee, Jenny. ‘Clem Christesen and his Legacy,’ Australian Literary Studies 2004, Vol. 21, Issue 3, lgh 410–412
  • Hergenhan, Laurie. ‘Clem Christesen (1911-2003),’ Proceedings of the Australian Academy of the Humanities, 2003, Vol. 28, lgh 45–46, eag. Bruce Bennett. Marrickville, NSW, Southwood Press.