Clochán na Carraige

clochán in Inis Mór

Is clochán coirceogach in Inis Mór, Contae na Gaillimhe é Clochan na Carraige. Tá sé suite ar léibheann siar ó thuaidh ó Phort Mhuirbhigh. Is séadchomhartha náisiúnta é, atá ubhchruthach ar an taobh amuigh agus dronuilleogach ar an taobh istigh. Is é an bothán cloiche is fearr caomhnaithe in Éirinn.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Clochán na Carraige
Íomhá
Sonraí
CineálClochán coirceogach agus bothán cloiche
Tomhas2.7 (airde) × 2.35 (leithead) × 6 (fad) m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire
SuíomhInis Mór
Map
 53°08′32″N 9°45′37″W / 53.142282°N 9.760188°W / 53.142282; -9.760188
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir43

Cur síos cuir in eagar

Tá an clochán thart ar 6.0 m ar fad, 2.35 m ar leithead, agus 2.7 m ar airde. Tá dhá bhealach isteach ann, iad íseal agus dronuilleogach, ceann amháin ar gach taobh. Soláthraíonn fuinneog bheag ar an taobh thiar theas solas. Creidtear gur tógadh an clochán sa 17ú nó 18ú haois, cé go bhfuil clocháin choirceogacha in Éirinn a tógadh níos mó ná 1000 bliain ó shin.

Tagairtí cuir in eagar