Clocha Oghaim Chill Tíre

Séadchomhartha Náisiúnta (330) is ea Clocha Oghaim Chill Tíre, dhá chloch Oghaim suite i gContae Phort Láirge, Éire.[1][2][3]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Clocha Oghaim Chill Tíre
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh stairiúil
Map
 52°04′N 7°51′W / 52.07°N 7.85°W / 52.07; -7.85

Suíomh cuir in eagar

Tá Clocha Oghaim Chill Tíre suite i ngort ar bhruach thoir na hAbhann Móire, i nDrom Mór, 1.8 km (1.1 mi) siar ón Eaglais, Co. Phort Láirge,[4] ag 52°04′28″N 7°50′52″W / 52.074351°N 7.847713°W / 52.074351; -7.847713

Stair cuir in eagar

Greanadh na Clocha Oghaim Chill Tíre sna 6ú nó 7ú haoiseanna AD.[5]

Cur síos cuir in eagar

Téann an chloch níos mó (CIIC 266) siar go c. AD 500–700, agus is slinn le féitheacha grianchloiche í, le tomhas 132 × 51 × 13 cm. Léitear an inscríbhinn :

᚛ᚉᚑᚂᚂᚐᚁᚑᚈ ᚋᚒᚉᚖ ᚂᚒᚌᚐ ᚋᚐᚊᚔ ᚂᚑᚁᚐᚉᚉᚑᚅᚐ᚜
COLLABOT MUCOI LUGA MAQI LOBACCONA
Cóelub clainne Lugh mhic Lubchú[6]

Ar an chloch níos lú (CIIC 267), le tomhas 130 × 41 × 25 cm, tá an inscríbhinn:

᚛ᚋᚓᚇᚒᚄᚔ ᚋᚒᚉᚖ ᚂᚒᚌᚐ᚜
MEDUSI MUCOI LUGA)
Medusi clainne Lugh[7][8]

Bhíodh tríú cloich ann (CIIC 268), greanadh c. AD 540–600, bogtha níos deireanaí go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus léitear an inscríbhinn:

᚛ᚉᚐᚈᚈᚒᚃᚔᚏ᚜
CATTUVIR
cath-fhir[9]

Tagairtí cuir in eagar