Carraig mhínghráinneach mheiteamorfach ar féidir a scoilteadh go foirfe mar go bhfuil ailíniú comhthreomhar ag na criostail míoca inti. Is toradh ar strus dírithe é seo le linn meiteamorfú áitiúil ísealghráid an scealla nó na láibchloiche. Úsáidtear i gcomhair díonta í agus í scoilte i leatháin thanaí, agus is buanseasmhach éadrom í. Tá foinsí i gContae an Chláir agus an Bhreatain Bheag.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Slinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 606.