Bunaíodh Coimisiún na Meán[1] na hÉireann sa bhliain 2023, de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.[2] Tháinig an foras i gcomharbas ar Údarás Craolacháin na hÉireann / An BAI.

Bosca Sonraí EagraíochtaCoimisiún na Meán
Sonraí
Cineálúdarás craolacháin
gníomhaireacht rialála Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitÚdarás Craolacháin na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh15 Márta 2023
Rialachas corparáideach
MáthaireagraíochtAn Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.cnam.ie/
Twitter: CNaM_ie Instagram: cnam.ie LinkedIn: coimisiún-na-meán Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an ról atá aige ná chun féachaint chuige gurb ann do thírdhreach meán in Éirinn atá bisiúil agus éagsúil ina gcuirtear chun cinn meascán glórtha, tuairimíochta agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, ina cheann ar thimpeallacht shábháilte ar líne a chinntiú.

Is iad na freagrachtaí atá acu ná:

• Maoirsiú a dhéanamh ar mhaoiniú na hearnála meán agus tacú le forbairt na hearnála meán trí chéile in Éirinn.

• Maoirsiú a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh.

• Forbairt a dhéanamh ar agus feidhm a thabhairt do chreat rialála na hÉireann um shábháilteacht ar líne.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin agus áirítear faoi láthair ann Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Coimisinéir Forbartha Meán agus Coimisinéir Craolacháin.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Coimisiún na Meán | Ireland’s media regulator" (en-US). Coimisiún na Meán. Dáta rochtana: 2024-08-07.
  2. oireachtas.ie (2022). "An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022". Dáta rochtana: 2024.

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar