Coinleach Glas an Fhómhair
amhrán le Clannad
Amhrán is ea Coinleach Glas an Fhómhair, a d'eisigh an grúpa ceoil Clannad sa bhliain 1982. Ba amhrán é ón albam Magical Ring. Tá na liricí uilig i nGaeilge.
Cineál | saothar ceoil |
---|---|
Taibheoir | Clannad |
Is iad na focail ná:
- Ar chonnlaigh ghlais an Fhómhair
- A stóirín gur dhearc mé uaim
- Ba deas do chos i mbróig
- 'Sba ró-dheas do leagan siubhail.
- Do ghruaidh ar dhath na rósaí
- 'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
- Monuar gan sinn 'ár bpósadh
- Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail.
- Tá buachaillí na háite seo
- A' gartha 'gus ag éirghe teann
- Is lucht na gcochán árd
- A' deánamh fáruis do mo chailín donn
- Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
- Thar sáile 's a shlóighte cruinn
- Bhrúighfinn féar is fásach
- 'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.
- Ceannacht buaibh ar aontaigh'
- Dá mbínn agus mo chailín donn
- Gluais is tar a chéad-searc
- Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
- Go sgartar ó n-a chéile
- Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
- Ní sgarfar sin ó chéile
- 'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn.
Naisc Sheachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |