Coláiste Aodáin

coláiste samhraidh ar an gCeathrú Rua

Is coláiste samhraidh Gaeltachta é Coláiste Aodáin atá suite ar an Tuairín, An Cheathrú Rua. Bunaíodh Coláiste Aodáin sa bhliain 2007 chun freastal ar dhaltaí a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim i gceann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír.

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Aodáin
Sonraí
Cineálscoil samhraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Tá sé lonnaithe 35km siar ó chathair na Gaillimhe. Is í an teanga labhartha príomhfhócas an chúrsa, agus úsáideann sé córas bunaithe ar an gcumarsáid le feabhas a chur ar chumas na scoláirí sa Ghaeilge. Tá gníomhaíochtaí amuigh faoin aer mar chuid den chúrsa agus dírítear ar spóirt uisce agus ar chluichí foirne.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar