Coláiste Lurgan
Coláiste samhraidh Gaeilge neamhspleách is ea Coláiste Lurgan. Tá sé suite in Indreabhán, i gContae na Gaillimhe. Is é Mícheál Ó Foighil bainisteoir na scoile. Tá cáil ar an gColáiste as a chainéal YouTube "TG Lurgan" agus a chuid físeáin.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | scoil samhraidh |
Réimse oibre | an Ghaeilge |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | http://lurgan.biz/ |
Stair
cuir in eagarThíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí an banna Seo Linn nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún rapcheoil mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin, ‘Avicii V Lurgan’[2] (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[3]
Ceann de na hamhráin is luath, in 2012, ba ea "Glac an Saol go Réidh" de chuid U2.[4]
Ceiliúradh Lá Holi ar TG Lurgan, le craic agus spóirt le linn 2013.[5][6]
Rinne an Coláiste leagan de "Can't hold us in 2014, rapamhrán le Macklemore[7]
Bhí an t-amhrán ‘Hello’ de chuid Adele gaelaithe ag TG Lurgan in 2016 agus úsáid bainte acu as cór chun cur leis an atmaisféar.[8]
Bhí an-ráchairt in 2016 ar fhíseán eile[9] de chuid TG Lurgan, 'Africa',[10] amhrán le Toto a scaoileadh den chéad uair sa bhliain 1982 sna S-A.[11]
In 2020, tháinig leagan Gaelach de Old Town Road amach, de chuid Lil Nas X, an rapamhránaí Meiriceánach.[12]
Sa bhliain 2022, tháinig cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise le chéile chun leagan dátheangach de cheann d’amhráin Adele a chanadh. Daltaí ó Choláiste Lurgan agus baill de Urdd Gobaith Cymru, grúpa óige Breatnaise, a chan an t-amhrán Water Under the Bridge agus a rinne an físeán ceoil a thaifeadadh i gConamara.[13][14]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "TG Lurgan - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ "Avicii Vs Lurgan - "Wake Me Up" as Gaeilge" (as en) .
- ↑ Seán Ó Dubhchon (2023-03-20). "'Tá an traidisiún Gaelach tugtha d'éisteoirí na cruinne ina stíl speisialta bhríomhar aitheanta féin ag Seo Linn'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ TG Lurgan / U2 (2012). ""Beautiful Day" as Gaeilge - Físeán Focail" (as en).
- ↑ TG Lurgan (2013). "Holi ar an trá" (as ga-IE).
- ↑ NÓS (07/02/2012). "Coláiste na nDathanna" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-06.
- ↑ "Macklemore & Ryan Lewis - "Can't Hold us" as Gaeilge" (as ga-IE) .
- ↑ NÓS. "‘Hello’ Adele Gaelaithe ag TG Lurgan" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-05.
- ↑ TG Lurgan (2016). ""Africa" le Toto as Gaeilge" (as ga-IE).
- ↑ "Africa (Toto song)" (as en) (2023-10-26). Wikipedia.
- ↑ "US Top 40 Singles For The Week Ending October 30, 1982 - Top40weekly" (en-US). top40weekly.com (1982-10-30). Dáta rochtana: 2023-10-27.
- ↑ "Old Town Road - Gaeilge" (as en) .
- ↑ "Uisce Faoin Droichead / Dŵr Dan Bont - Water Under The Bridge - Adele as Gaeilge/Cymraeg" (as ga-IE) .
- ↑ "Leagan Gaeilge agus Breatnaise d’amhrán de chuid Adele curtha amach ag Coláiste Lurgan" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-09-23). Dáta rochtana: 2024-05-05.