Seo Linn
Is popghrúpa Éireannach é Seo Linn. Sular tháinig Seo Linn amach, bhí fíorbheagán ceoil comhaimseartha i nGaeilge ann. D'athraigh sé sin in 2013 leis an amhrán ‘Avicii V Lurgan’ i gColáiste Lurgan, agus tá saothar cumtha acu féin ó shin, amhráin comhaimseartha aitheanta clúdaithe acu, agus amhráin traidisiúnta curtha amach acu.
Baill | |
---|---|
Stiofán Ó Fearail ( - ). Amhránaí | |
Sonraí | |
Cineál | banna popcheoil |
Stair | |
Áit ar bunaíodh é | Coláiste Lurgan |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2013 – |
Seánra | Cumasc Ceilteach, popcheol agus ceol tíre traidisiúnta |
Suíomh gréasáin | https://seolinn.com/ |
Stair
cuir in eagarThosaigh aistear Seo Linn sa bhliain 2013 mar gheall ar ‘Avicii V Lurgan’ (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[1] Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí siad nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin.[2]
2014: Céad singlí
cuir in eagarScaoil Seo Linn a gcéad singil "Ar Scáth a Chéile" ar an 24 Feabhra 2014. Is singil carthanas é "Ar Scáth a Chéile". Cumtha & scríofa ag Seo Linn i gcóir Self Help Africa le linn a dturas go hUganda sa bhfómhar 2013.[3]
Scaoil an banna a ndara singil "D'Aon Ghuth Amháin" ar an 11 Samhain 2014. Rinne siad an físeán ar an 2 Samhain.[4] Tá siad ag obair ar a ndara singil charthanachta. Rinne siad físeán i gContae Dhún na nGall don singil.
2016ː imeacht Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore
cuir in eagarAr an 4 Lúnasa 2016 d'fhógair Seo Linn gur fhág Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore an banna agus go mbeadh Seo Linn ag tógáil sos beag.
Níos déanaí: Solas srl
cuir in eagarAr an 7 Feabhra 2017 fógraíodh go bhfuil Solas ainm don chéad albam an bhanna. Bhí sé scaoilte ar an 3 Márta 2017. Bhí an singil "Solas" scaoilte ar an 24 Feabhra 2017 agus fuair sé go uimhir 54 in Éirinn .
- EP Marcas sa gCoill
- 2023ː Anuas, bailiúchán d’amhráin ar an sean-nós[2]
Diosc liosta
cuir in eagarAlbaim Stiúideo
cuir in eagarTeideal | Eolas | Buaicphointí ar an gCairt |
---|---|---|
ÉIRE | ||
Solas |
|
27 |
Singli
cuir in eagarBliain | Amhrán | Buaicphointí ar an gCairt | Albam | ||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
ÉIRE | |||||||||||||
2014 | "Ar Scáth a Chéile" | 57 | Solas | ||||||||||
"D'Aon Ghuth Amháin" | — | ||||||||||||
2016 | "Music Makers" | 26 | |||||||||||
"The Irish Roar" | 80 | ||||||||||||
2017 | "Rise" | — | |||||||||||
"Solas" | 54 | ||||||||||||
"—" Ní raibh an singil sa chairt seo. |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Avicii Vs Lurgan - "Wake Me Up" as Gaeilge" (as en) .
- ↑ 2.0 2.1 Seán Ó Dubhchon (2023-03-20). "'Tá an traidisiún Gaelach tugtha d'éisteoirí na cruinne ina stíl speisialta bhríomhar aitheanta féin ag Seo Linn'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ https://twitter.com/SeoLinn/status/624594000436039680
- ↑ https://www.facebook.com/SeoLinn/photos/a.578755188850944.1073741834.416478835078581/783567155036412/?type=1