Osclóidh seo an príomhroghchlár
Coláiste Mhuire
Feathal na Scoile: Coláiste Mhuire

Mana Pro deo Pro Patria
Laidin (Ar son Dé, ar son na Tíre)
Bunaithe 1931
Áit Bóthar Ráth Tó, An Chabrach,
Baile Átha Cliath,
Éire
Mic Léinn ?
Cathaoirleach
Príomhoide
Annraoi Ó Beolláin[1]
Tomás Ó Murchú[2]
Gréasán http://www.colaistemhuire.ie/

Is bunscoil agus meánscoil lán-Ghaelach de chuid na mBráithre Críostaí é Coláiste Mhuire. Tá sé suite ar Bhóthar Ráth Tó sa Chabrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath faoi láthair, cé go mbíodh sé lonnaithe ag Cearnóg Pharnell ar feadh na mblianta fada suas go dtí 2003.[3] Bunaíodh an scoil ar dtús sa bhliain 1931 in Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Ach bogadh í go Cearnóg Pharnell go gairid ina dhiaidh sin sa bhliain 1933. Is é mana na scoile ná Pro Deo Pro Patria (Ar son Dé, ar son na Tíre).[4]

Bunú an CholáisteCuir in Eagar

Osclaíodh an Coláiste ar 5 Deireadh Fómhair 1931 ar dtús, in Uimhir 6 Sráid Fhearchair ar an taobh theas den chathair. Ba é an Br. M.R. Ó Tatháin an chéad phríomhoide ag an scoil nua. Ocht nduine dhéag de bhuachaillí a bhí i láthair ar an gcéad lá. Bogadh é go 25 Cearnóg Pharnell ar an taobh thuaidh sa bhliain 1933. D'fhán an Coláiste ag an ionad sin ar feadh seachtó bliain.

Imeacht na mBráithreCuir in Eagar

D'fhág na Bráithre deireanacha an coláiste sa bhliain 1993. Tá siad ina n-iontaobhaithe ag an scoil go fóill ach níl aon duine acu fágtha san fhoireann teagaisc.

Imeacht ó Chearnóg PharnellCuir in Eagar

Ba ghá don choláiste an t-áitreabh ag cearnóg Pharnell a fhágáil sa bhliain 2003, mar gheall ar an droch-chaoi a bhí ar an bhfoirneamh. Tugadh cóiríocht shealadach dó ar bhóthar Ráth Tó ina dhiaidh sin. Ní léir cén todhchaí atá i ndán don scoil amach anseo.

PríomhoidíCuir in Eagar

  • An Br. M.R. Ó Tatháin (1931-1943)
  • An Br. U.G. Ó Coileáin (1943-1949)
  • An Br. S.A. Ó Laoi (1949-1955)
  • An Br. P.B. Ó Gairbheith (1955-1961)
  • An Br. S.A. Ó Dónaill (1961-1967)
  • An Br. L.P. Ó Caithnia (1967-1970)
  • An Br. A.P. Caomhánach (1970-1973)
  • An Br. M.F. Ó Donnchú (1973-1975)
  • An Br. An Br. D.P. Ó Fearghail (1975-1979)
  • An Br. S.C. Ó hAmaill (1979-1980)
  • An Br. P.U. Ó Néill (1980-

Iardhaltaí CáiliúlaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar