Coláiste Mhuire Loch an Iúir

Ghlac an coláiste an bhfrása seo mar mhana; “Teanga - Cairdeas - Cultúr”  

Is coláiste Gaeltachta é Coláiste Mhuire. Tá an coláiste suite i sráidbhaile beag in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall, darbh ainm Loch an Iúir [1]. Tá sé leathbhealach idir Gaoth Dobhair agus An Clochán Liath,  i gceantar Gaeltachta na Rosa[2].

Coláiste Mhuire Loch an Iúir
Bosca Geografaíocht PholaitiúilColáiste Mhuire Loch an Iúir

Suíomh
In sa dufair

In sa dufair, an dufair iontach
Codlaíonn an Leon anocht
In sa dufair, an dufair iontach
Codlaíonn an Leon anocht
Ahhh Weeeeeeee
AhWe Um Bumba Waaay
x2
Taobh den bhaile, an baile suaimhneach
Codlaíonn an Leon anocht
Taobh den bhaile, an baile suaimhneach
Codlaíonn an Leon anocht
Ahhh Weeeeeeee
AhWe Um Bumba Waaay
x2
Ná bí buartha, nó ná bí buartha
Codlaíonn an Leon anocht
Ná bí buartha, nó ná bí buartha
Codlaíonn an Leon anocht

Stair cuir in eagar

Sular bunaíodh an coláiste Gaelach, bhí Coláiste Mhuire mar an príomhionad oideachais i gceantar na Rosann ar feadh na mblianta. Tógadh Pobalscoil na Rosann[3] i Clóchan Liath tar éis tamaill agus mar sin d’athraigh Coláiste Mhuire go coláiste Gaelach. Bunaíodh an coláiste Gaelach i 1945 agus sa la atá inniu ann osclaíonn an coláiste ar feadh ocht seachtaine i rith an tsamhraidh chun an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí. Freastalaíonn beagnach míle mac léinn ó gach cearn de Uladh ar an gcoláiste gach bliain [4]. Tá sé mar aidhm an choláiste úsáid agus labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc an aosa óig.

Seo nasc chuig físeán de bhean atá ag plé stair an choláiste [5].

Cúrsaí [6] cuir in eagar

  • Cúrsa A - £405 (22 Meitheamh - 6 Iúil)
  • Cúrsa B - £620 ( 7 Iúil - 28 Iúil)
  • Cúrsa C - £620 ( 29 Iúil - 19 Lúnasa)

* Tá na dátaí seo faoi réir athrú beag gach bliain.

Cúrsa A cuir in eagar

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn atá ag foghlaim an teanga don chéad bliain agus tá sé ag rith go rathúil i gColáiste Mhuire Loch an Iúir le breis agus tríocha bliain. É sin ráite, tá fáilte mhór roimh mhic léinn a thosaigh ag foghlaim an teanga i mbliain a naoi ar scoil freastal ar an gcúrsa seo. Maireann an cúrsa thar dhá sheachtain (14 lá), tosaíonn an cúrsa ar an 22ú lá de Mheitheamh agus críochnaíonn sé ar an 6ú lá de mhí Iúil de ghnáth.  Is é aidhm an chúrsa ná an t-eolas faoin nGaeltacht a chur ar fáil do na daltaí agus ligean dóibh aithne a chur ar cheantar na Gaeltachta. Eagraítear gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt i rith an chúrsa agus spreagtar na scoláirí chun an oiread Gaeilge agus is féidir a úsáid le linn na n-imeachtaí seo. Tá Cúrsa na Chéad Bhliana deartha go sonrach chun a chinntiú go bhfaigheann daltaí in aois óg a gcéad taithí Ghaeltachta le daltaí eile den aois chéanna.

Cúrsa B cuir in eagar

Is cúrsa do daltaí atá i mblian a hocht agus a naoi ar scoil é cúrsa ‘B’. Maireann an cúrsa seo thar trí sheactain (21 lá), seachtaine amháin níos faide nó cúrsa ‘A’.  Tosaíonn cúrsa ‘B’ ar an 7ú lá de Iúil agus críochnaíonn sé ar an 28ú lá de Iúil de ghnáth. Reáchtáiltear an cúrsa seo chun ligean do dhaltaí an Ghaeilge a d'fhoghlaim siad ar scoil a úsuáid agus iad ag fanacht sa Ghaeltacht le teaghlaigh Ghaeltachta. Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl le linn an cúrsa, mar shampla imeachtaí cultúir agus spóirt.

Cúrsa C cuir in eagar

Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaltaí i mbliain a haon déag, i mbliain a dó dhéag agus i mbliain a trí déag ar scoil. Tugann an cúrsa seo tacaíocht chun muinín daltaí a thógáil nuair atá siad ag úsuáid an teanga. Tá an iomarca deiseanna ag daltaí páirt a glacadh sa imeachtaí spóirt agus cultúr le linn an cúrsa seo. Bíonn an cómortas cáiliúil - “Comórtas na gContaetha” ar siúl sa deireadh seachtaine déireanach dén cúrsa. Bíonn ranganna ar siúl de leibhéal sách ard do na daltaí ina bhfuil ard caighdean acu.

Rialacha an choláiste cuir in eagar

  1. Ba chóir do dhaltaí an teanga Gaeilge a labhairt ar a gcumas is fearr i Loch an Iúir i gcónaí.
  2. Níor chóir do dhaltaí Loch an Iúir a fhágai gan cead an Phríomhoide.
  3. Níor chóir do dhaltaí dul in aice leis an loch nó dul ag snámh gan cead.
  4. Ba chóir do dhaltaí a bheith cúramach ar na bóithre thart timpeall Loch an Iúir.
  5. Níor chóir do dhaltaí alcól, drugaí, tuaslagóiríaerasóil a úsáid i Loch an Iúir.
  6. Ba chóir meas a bheith ag dhaltaí ar a chéile, ar maoin a chéile agus ar an gcoláiste .

Lean an nasc seo chun eolas breise faoi na cúrsaí a fháil amach mar shampla, cad iad na rudaí ba chóir do na daltaí a thabhairt leo ar an gcúrsa?[7]

Foireann Teagasc cuir in eagar

Fostaíonn Coláiste Mhuire foireann láidir a bhfuil taithí acu i dteagasc na Gaeilge, an cheoil, an rince, cluichí agus spórt srl. Bíonn príomhoide agus múinteoirí den scoth ag an coláiste. Chomh maith le sin, bíonn ceannairí ag obair ar na cúrsaí, is daoine iad seo atá lán de fuinneamh, bíonn siad ag cuidiú le na himeachtaí agus an maoirseaht trí fanach i tithe lena daltaí.

Clár ama an lae cuir in eagar

 
bileog oibre a úsáideann na daltaí
 
bileog oibre a úsáideann na daltaí

Gach lá bíonn rangannn teanga ar siúl ó cheathrú chun a deich go dtí a ceathrú chun a haon, ach amháin ar an Domhnach, bíonn maidin saor ag gach éinne ar an Domhnach. Laistigh de na ranganna seo foghlaimíonn na daltaí fúthu féin, a gcuid caitheamh aimsire, a dteaghlaigh, an scoil, laethanta saoire agus cultúr srl. Cabhraíonn na múinteoirí leis na scoláirí lena ngramadach chomh maith. Téann na daltaí ar ais chuig na tithe a bhfuil siad ag fanacht iontu le haghaidh a lóin. Ullmhaíonn na mná agus fir an tí lón do na daltaí. Bíonn rogha leathan bia le fáil ag na daltaí don lón mar shampla anraith agus ceapairí, pónairí ar thósta, núdail agus ispinsí srl. Filleann na daltaí ar ais go dtí an coláiste ar a leathuair tar éis a dó agus bíonn imeachtaí de gach sort ar siúl cosúil le ceol, spórt agus damhsa go dtí a cúig a chlog. Téann na daltaí ar ais go dtí na tithe don tae/dinnéar ar a cúig a chlog agus bíonn béilí blasta acu. Sna hoícheanta ó leathuair tar éis a seacht go dtí a deich a chlog bíonn go leor gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl ó céilithe agus dioscónna go trath na gceist agus comórtais cheoil. Ag deireadh gach oíche bíonn tionól ag na daltaí agus na múinteoirí chun an lá sin a phlé agus chun na daltaí a chur ar an eolas faoi a lá dár gcionn. Críochnaíonn gach oíche leis na daltaí agus múinteoirí ag canadh ‘Amhrán na bhFiann’.[8]

De ghnáth tagann tuismitheoirí na ndaltaí chun cuairt a thabhairt ar an gcoláiste agus ar an gceantar áitiúil ag an deireadh seachtaine. Tá cead ag tuismitheoirí a gcuid páistí a shíniú amach as an gcoláiste ar feadh tréimhse ama más mian leo é sin a dhéanamh.

Imeachtaí cuir in eagar

Is iad ceol, spórt agus damhsa na himeachtaí is mo a bíonn ar siúl tar éis am lón gach lá. Baineann na daltaí an taitneamh as na himeachtaí seo.

Ceol cuir in eagar

Cuireann an coláiste béim ar an tábhacht a bhaineann le ceol traidisiúnta na hÉireann mar atá luaite i mana an coláiste, tá sé an-tábhachtach go mbeadh tuiscint ag na daoine óga ar ár gcultúr agus cabhraíonn an ceol chun béim chur ar seo. Iarrtar ar na mic léinn a gcuid uirlisí a thabhairt leo agus a gcuid buanna ceoil a scaipeadh i measc an choláiste. Bíonn ranganna ceol ar siúl gach lá do na daltaí, le linn na ranganna bíonn na daltaí ag foghlaim amhráin thraidisiúnta Éireannacha agus amhráin nua-aimseartha atá aistrithe go Gaeilge. Bíonn comórtais ar siúl agus is minic a channan na daltaí na hamhráin a d'fhoghlaim siad sa rang.

Seo samplaí do na hamhráin a bíonn na daltaí ag foghlaim  - "Beidh Aonach Amárach" [9], "Téir Abhaile Riú" [10], "Báidín Fheilimí[11], "Péigín Leitir Mhór"[12].

Bíonn na daltaí ag foghlaim amhráin nua-aimseartha chomh maith le amhráin traidisiúnta na hÉireann, de ghnáth aistrítear na hamhráin nua-aimseartha ó Bhéarla go Gaeilge mar shampla "Fan Anocht" [13]ó "Save Tonight le Eagle Eye Cherry"[14] agus "Anseo" [15] ó " I'm yours le Jason Mraz"[16] . Thaitníonn an legan Gaeilge "In sa dufair" ó "In the Jungle" go háirithe leis na daltaí.

Damhsa cuir in eagar

Múineann na múinteoirí damhsaí traidisiúnta do na daltaí agus bíonn na daltaí ag cleachtadh na damhsaí ar feadh an chúrsa ar fad. Sna hoícheanta bíonn céilíthe ar siúl, is deis é seo do na scoláirí a gcuid oibre crua a chur i ngníomh. Baineann na daltaí an taitneamh as an damhsa agus na céilíthe. Bíonn siad ag foghlaim damhsaí cosúil le ‘Ionsaí na hInse”[17], “An Dreoilin”[18], “Tonnaí Thoraí” [19]agus “ Bailigh Luimnigh”.[20]

Sport cuir in eagar

Bíonn réimse leathan spóirt ar siúl le linn na chúrsaí. Bíonn na daltaí ag glacadh páirt i peil, iománaíocht, camógaíocht, cispheil agus eitpheil srl.  Bíonn comórtais spóirt idir na tithe uilig thar thréimhse an chúrsa. Cuireann na spóirt le cultúr na hÉireann freisin mar bíonn deis ag na daltaí páirt a ghlacadh i spóirt thraidisiúnta den chéad uair i gcásanna.

Turais cuir in eagar

Tugann an coláiste na daltaí amach ar thurais lae chun níos mó den cheantar áitiúil a fheiceáil agus chun an radharcanna álainn a fheiceáil.

Muilte Gaoithe cuir in eagar

 
An radharc ag barr na muilte gaoithe

De ghnáth, téann na daltaí agus múinteoirí ar siúloid go dtí feirm na muileann gaoithe i gCrollí chun na muilte gaoithe a fheiceáil. Tugtar comhairle ar na daltaí bróga reatha agus cóta a thabhairt ar an gcúrsa. Bíonn na radharcanna atá ag barr an sléibhte in a bhfuil na muilte gaoithe ar go hálainn.

Seo nasc ar stair na muilte gaoithe agus cur síos ar an dóigh a gcuidíonn na muilte gaoithe leis an bpobal áitiúil.[21]

Trá cuir in eagar

 
baoi tarrthála ag an trá i gCarraig Fhinne, Dhún na nGall
 
An trá i gContae Dhún na nGall

Nuair a tagann an ghrian amuigh agus is minic a tharlaíonn seo fríd an samhradh, téann na daltaí agus na múinteoirí go dtí an trá áitiúil i Charraig Fhinne.[22]bhratach gorm ag an trá agus bíonn gardaí tarrthála ag obair fríd an samhradh ó mí Bealtaine go Méan Fomhair, tá cúpla baoi tarrthála ar an trá chomh maith. Is minic a bíonn tonnta mór ann agus téann daoine ag surfáil agus ag canúáil ar an trá. Bíonn deis ag na daltaí dul isteach san fharraige agus dul ag snámh, chun caisleáin gainimh a thógáil agus ag déanamh bolg le gréin. Tugann na múinteoirí agus and príomhóide comhairle do dhaltaí éadaí snámha agus uachtar gréine a thógáil leo. Bíonn cluichí agus ceol ar siúl ar an trá chomh maith.

Ionad Cois Locha cuir in eagar

Is ionad gníomhaíochta é ionad cois locha.[23] Bíonn deis ag na daltaí turas a thógail amach ar loch Dún Lúiche chun na radharcann áláinn a fheiceáil nó mas fearr leo fanacht ar an thalamh tirim is féidir leo turas a dhéanamh ar an traein agus dul ar an limistéar súgartha eachtríochta lán de luascáin, sleamhnáin, frámaí dreapadóireachta, sreanga zip, tarbh rodeo, ballaí dreapadóireachta, peadelos ,cadhcanna, liathróidí zorb agus caisleáin phreabacha.

Polasaithe agus Sláinte cuir in eagar

Polasaithe [24] cuir in eagar

  • Sláinteachas & Sábháilteacht - Mothaíonn coiste an choláiste go bhfuil sláinteachas agus sábháilteacht na foirne, na daltaí, an phobail agus cuairteoirí an- thábhactach. Déanann coiste an coláiste iarracht mhór atá praiticiúil agus réadúil chun gach duine atá páirteach san choláiste a bheith sábháilte ó aon chontúirt a d'fhéadfadh tarlú agus iad ag freastal ar an gcoláiste mar shampla fostaíonn siad banaltra agus beidh an clúdach árachais cúí acu ag na tithe uilig.
  • Caomhnú agus Leas Leanaí - Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh na daltaí go dhéanfaidh an chólaiste gach rud is féidir chun consaint agus tacaíocht a thabhairt dó/dí, ach gan gealltanas nach féidir a chomhlíonadh a thabhairt mar shampla, má insítear ábhar rúnda do bhall d'fhoireann an choláiste, ní féidir leis an gcomhalta sin den choláiste gealltanas a thabhairt nach gcuirfear an fhaisnéis in iúl d'aon duine eile mar go bhféadfadh sé gur ghá é a infheistiú.
  • Measúnú - Coinníonn an múinteoir cuntas ar dhul chun cinn an dalta agus cuireann sé/sí aiseolas ó bhéal ar fáil do gach dalta.

Sláinte cuir in eagar

  • Banaltra - Fostaíonn an coláiste banaltra a tagann ar cuairt gach lá agus tugann sí aire do na daltaí má tá siad tinn.
  • Dochtúir - Tá dochtúir áitiúil ar glao-dhualgas sa cheantar ar mhaithe le sláinte na ndaltaí.
  • Fiaclóir - Tá fiaclóir sa cheantar áitiúil agus is féidir leis na páistí freastal air.

Taisteal cuir in eagar

Eagraíonn an Coláiste taisteal socruithe do mhic léinn as bailte móra chuig agus ó Loch an Iúir. Bíonn siad ag taisteal ar bus feda[25] go minic agus iad ar an cúrsa. Le linn an cúrsa bíonn siad ag siúl ó na tithe go dtí an choláiste ach é sin ráite faigheann na daltaí atá ag fanacht sna tithe atá i bhfad ón gcoláiste síob ona múinteoirí agus ceanairí.

Reference List cuir in eagar

  1. "Gluais & Léarscáileanna dáileacháin" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  2. "Loch an Iúir/Lough Anure" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  3. "Rosses Community School > Home". www.rossescommunityschool.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-31. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  4. "Loch an Iúir". ipfs.io. Dáta rochtana: 2019-03-28.[nasc briste go buan]
  5. Tógra Stair Loch an Iúir (2017-10-26). "Colaiste Mhuire". 
  6. "Coláiste Mhuire Loch an Iúir". Coláiste Mhuire Loch an Iúir. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  7. "Coláiste Mhuire" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  8. Olga D (2010-11-24). "Amhrán na bhFiann in Irish Gaelic with the WORDS". 
  9. Mo Dhuine (2013-04-29). "John Spillane Karaoke Beidh aonach amárach". 
  10. Gaeilge Abu (2013-12-22). "Teidhir Abhaile Riú lyrics". 
  11. Sportymike (2008-02-10). "Báidín Fheilimí - Traditional Irish Song". 
  12. Joe Ó Conghaile - Topic (2015-10-21). "Peigín Leitir Móir". 
  13. TG Lurgan (2010-12-24). "Fan Anocht - TG Lurgan - Cainéal na Gaeilge". 
  14. Glen Hansen (2009-05-11). "Eagle Eye Cherry - Save tonight lyrics". 
  15. macmurchaidh (2010-07-14). "JJ Ó Dochartaigh ag ceol leagan Gaeilge de "Im yours" i nGaeltacht Thír Chonail". 
  16. Jason Mraz (2008-03-14). "Jason Mraz - I'm Yours (Official Video)". 
  17. mountaintag (2016-02-10). "Siege of Ennis - by Riverdance crew". 
  18. AT08 (2011-07-05). "An Dreoilín". 
  19. Angela Gergel (2012-12-02). "Celtic Ocean - Tonnai Thorai (The Waves of Tory)". 
  20. mountaintag (2015-10-17). "The Walls of Limerick - by Riverdance crew". 
  21. "Gineadoir Gaoithe Ghaoth Dobhair – Gaoth an Atlantaigh Fhiáin a Fhómhar" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-31. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  22. "Carrickfinn Beach" (en-US). Wild Atlantic Way Ireland Map and Guide. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  23. "Dunlewey Centre" (en-US). Dáta rochtana: 2019-03-31.
  24. "Polasaithe". Coláiste Mhuire Loch an Iúir (2015-11-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-28. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  25. "Bus Feda Donegal to Galway | Donegal to Glasgow". busfeda.ie. Dáta rochtana: 2019-03-31.