Druga

Substaint cheimiceach nó substaint bhithcheimiceach

Is éard is druga ann ná substaint cheimiceachbhithcheimiceach, shaorga nó nádúrtha, agus í in ann tionchar a imirt ar an dóigh a mbíonn an t-orgánach ag obair, má ghlactar isteach sa cholainn é. De réir an tsainmhínithe seo, is féidir dearcadh ar an mbia féin mar dhruga, ach sa ghnáthchaint, tá ciall níos cúinge leis an téarma, agus is é an cineál substaintí a bhíonn i gceist ansin ná cógais, vitimíní, agus drugaí mídhleathacha cosúil le heacstais, cócaon, marachuan, amfataimín agus eile.

Faireachán drugaí na gCustaim in Éirinn
Go minic, bíonn drugaí le fáil i bhfoirm taibléidí.

Sanasaíocht agus scóip cuir in eagar

Is focal iasachta é "druga" ón mBéarla "drug". Eascraíonn an focal Béarla "drug" ón bhfocal Ollainise "droog". An bhrí atá le "droog" ná "tirim". San am atá thart bhíodh an chuid is mó de drugaí déanta as plandaí triomaithe.

Ní bhíonn sé soiléir i gcónaí cé acu bia nó druga atá i gceist - cuir i gcás caife, fíon agus beoir, mar shampla. De ghnáth, is é an difríocht idir drugaí agus bithcheimiceáin inginiúla (is é sin, substaintí bithcheimiceacha de dhéantús na colainne féin) ná go dtagann na drugaí isteach ón taobh amuigh. Níl an difríocht seo soiléir ach an oiread, áfach. Is hormón í an inslin, ó tháirgtear go nádúrtha i bpaincréas an duine í, ach san am céanna, is druga í freisin, ó thugtar inslin shintéiseach ón taobh amuigh dóibh siúd a bhfuil an diaibéiteas ag luí orthu.

Cógas cuir in eagar

Is éard atá i gceist le cógas, cógas leighis, nó leigheas (Béarlaː medication) ná ábhar a ghlactar chun galar nó tinneas a leigheas de ghnáth.[1]

Príomhalt: Cógas leighis

Drugaí "aeraíochta" nó mídhleathacha cuir in eagar

Tá neart conspóide faoi úsáid drugaí "aeraíochta" (nó drugaí áineasa), mídhleathach in Éirinn de ghnáth. Tá srianta agus rialaithe curtha orthu ag rialtais ar fud an domhain chun an troid i gcoinne mí-úsáid drugaí a láidriú.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""cógas leighis"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-04-29.

Naisc sheachtracha cuir in eagar