Soitheach faoi leith is ea taephota (corcán tae,[1] ruacan,[2], nó maosán[3] sna seanfhoclóirí). Is ann a fhliuchtar tae. Caithtear duilleoga tae ann agus anuas orthu sin, doirtear uisce beirithe. Bíonn barr air chun an t-uisce a choimeád te agus an gal a choimeád ann. Bíonn feadán ar an dtaobh ar a ghlaotar gob. Doirtear an tae amach an gob. Is cré-earra taephota de ghnáth. Déantar le cré iad. Ní seolann cré-earraí teas, cé go mbíonn an taephota te nuair a bhíonn sé lán de tae te. Déantar de mhiotal iad freisin. Is féidir taephota a bheith beag nó mór. Is féidir toilleadh beag nó mór a bheith acu. Is féidir ceann a fháil atá oiriúnach i gcóir tae do dhuine amháin nó ceann mór le toilleadh mór atá in ann tae a dháileadh ar bhreis is 30 daoine.

Dhá chorcán tae

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): tea-pot” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-07-04.
  2. Timothy O'Neill Lane, eag.: “Larger English-Irish dictionary = Foclóir Béarla-Gaedhilge: “Teapot””. Educational Company of Ireland (1916). Dáta rochtana: 2023-07-04.
  3. L. S. Gogan: “Foclóir Gaeilge L. S. Gogan”. Dáta rochtana: 2023-07-04.