An phríomhchuid de thuaslagán is ea tuaslagóir. Go minic luaitear uisce mar thuaslagóir uilíoch, ach luaitear an téarma céanna maidir le hábhair orgánacha sho-ghalaithe, cosúil le haicéatón is aicéatáit eitile, a úsáidtear i bpéinteanna is greamacháin.

Mí-úsáid tuaslagóirí cuir in eagar

Is nós é mí-úsáid tuaslagóirí a bhíonn ag ógánaigh go hiondúil nuair a dhéanann siad múiche agus gal ó tuaslagóirí a análú. Samplaí de tuaslagóirí is ea díbholaíoch, caolaitheoirí péinte agus breosla lastóirí. Tá níos lú caill air anois ná mar a bhíodh de bharr dlíthe níos geire díolacháin agus de bharr go bhfuil sé níos éasca teacht ar dhrugaí eile anois.[1][2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tuaslagóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 681.
  2. "Mí-úsáid tuaslagóirí | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-26. Dáta rochtana: 2023-02-21.