Rugadh an file agus múinteoir Colette Ní Ghallchóir ar an gCruach Ghorm i nDún na nGall agus an Ghaeilge mar theanga dhúchais aici.

Infotaula de personaColette Ní Ghallchóir
Beathaisnéis
Breith1950
73/74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Tá céim Baitsiléir Oideachais agus Dioplóma san Oideachas Feabhais aici, in éineacht le Baitsiléir Ealaíona sa Ghaeilge agus i Litríocht na Gaeilge.

Tá dánta léi le fáil in Writing Home[1] agus in The Field Day Anthology of Irish Women’s Poetry.[2] Bhí sí páirteach i dTuras na mBard in Albain agus in obair Institiúid Chultúrtha na hIodáile sa tSicil. Foilsíodh dánta léi ar irisí liteartha na hÉireann.

Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici (ceann le haistriúcháin) agus foilsíodh dánta léi i nduanaire.

Saothar cuir in eagar

Naisc eachtracha cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. Pat Boran agus Chiamaki Enyi-Amadi (eag.) (2019). Writing Home: The ‘New’ Irish Poets. Dedalus Press. ISBN: 9-78-19-1025-160-7
  2. Angela Bourke et al. (eag.) (2002). Field Day Anthology of Irish Women’s Poetry. Cork University Press.