Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann

Bunaíodh Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann (Béarla;Irish Fiscal Advisory Council) ar 27 Samhain 2012 ar bhonn reachtúil, nuair a achtaíodh an tAcht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaComhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
Sonraí
Cineáleconomic research institute (en) Aistrigh
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhIúil 2012
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtSeamus Coffey (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfiscalcouncil.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: IFAC_IE Cuir in eagar ar Wikidata
suite ag Cearnóg Whitaker, Cé Sir John Rogerson, BÁC 2

Deir réamhrá an Achta an méid seo a leanas; 'Acht do dhéanamh socrú chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht i ndlí an stáit leis na rialacha in airteagal 3 den chonradh ar chobhsaíocht, ar chomhordú agus ar rialachas san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta de réir mhír 2 den airteagal sin agus go ngabhfaidh éifeacht sa stát leis an riail in airteagal 4 den chonradh sin; do dhéanamh socrú de réir airteagal 3 den chonradh sin i ndáil le cuspóir buiséadach meántéarmach agus le sásra ceartúcháin; do bhunú comhlachta ar a dtabharfar comhairle chomhairleach bhuiséadach na héireann nó, sa bhéarla, the irish fiscal advisory council agus do dhéanamh socrú i dtaobh a feidhmeanna; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.'

Bliain i ndiaidh bliana sna 2010idí, thug an Chomhairle le fios gurbh ábhar buartha é an méadú ar chaiteachas don mbliain a bhí fógartha sa gcáinaisnéis.[2][3][4][5][6][7][8]

Baill cuir in eagar

I measc na baill sa bhliain 2018, bhí Séamus Coffey, Ollamh le heacnamaíocht i gCorcaigh; Sebastian Barnes, ón OECD agus iar-oibrí le Banc Shasana; Íde Kearney, ard-eacnamaí i mBanc Ceannais na hÍsiltíre; Michael Tutty ó Bhanc Infheistíochta na hEorpa; agus Martina Lawless ón ESRI.

Bhí Alan Barrett ina chomhalta den Chomhairle ó 2011 go 2015. Bhí John McHale ina Chathaoirleach air.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. AN tACHT UM FHREAGRACHT BHUISÉADACH, 2012
  2. Seán Ó hÉalaí (2015). "Toghchán ar ceant" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-27.
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :0
  4. RnaG (2019). "Kevin Timoney, An Chomhairle Fhioscach, & tuarascáil foilsithe; imní faoi chaiteachas imithe ó smacht.". Dáta rochtana: 2021.
  5. CATHAL MAC COILLE (2016). "Cibé rogha a dhéanfar, beidh ar dhuine éigin íoc as…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-27.
  6. Nuacht RTÉ (2017-11-28). ""Bail mhaith" ar chistí poiblí, dar leis an gComhairle Fhioscach" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2015-10-14). "Buiséad cáinte ag Comhairle Fhioscach" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2018-11-30). "Aire Airgeadais sásta glacadh le rabhadh ón gComhairle Fhioscach" (as ga).