Concas na Spáinneach ar Impireacht na nInceach


Thosaigh concas na Spáinneach ar Impireacht na nInceach sna 1520í.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConcas na Spáinneach ar Impireacht na nInceach
Íomhá
Map
 13°31′20″S 71°59′00″W / 13.522222°S 71.983333°W / -13.522222; -71.983333
Cineálconquest (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deSpanish colonization of the Americas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1532 (Féilire Ghréagóra) - 1572 (Féilire Ghréagóra)
Dáta na bliana1532 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhIncigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Teacht na Spáinneach cuir in eagar

 
Francisco Pizarro (t.1471/6 – 1541)

Tháinig na Spáinnigh go Tawantinsuyu an chéad uair timpeall na bliana 1526. Ba léir dóibh ó thús gur tír shaibhir a bhí ann agus cuid mhór óir le creachadh ansin. I ndiaidh an chéad chuairt eile sa bhliain 1529, chuaigh Francisco Pizarro, a bhí i gceannas ar na taiscéalaithe seo, - chuaigh sé i bhfianaise Rí na Spáinne le tacaíocht oifigiúil a fháil don fheachtas mhíleata a bhí sé a phleanáil leis an réigiún a shealbhú don Spáinn.

Bhí an dearg-ádh le Pizarro gur fhill sé go Tawantinsuyu díreach nuair a bhí an cogadh cathartha á chur. Dá dtiocfadh sé nuair a bhí Huayna Capac ina bheo fós, gheobhadh sé impireacht na nInceach aontaithe ina éadan. Ní raibh ach 168 fear, aon ghunna mór amháin agus seacht gcapall fichead ag Pizarro, ach mar sin féin, bhí sé ábalta na hIncigh a chloí trí úsáid chliste a bhaint as an mbeagán seo, chomh maith leis an ionramháil a rinne sé ar na faicsin éagsúla i measc na nInceach.

Chuir Pizarro an chéad chath ar na hIncigh in Oileán Puná, in aice le Guayaquil an lae inniu in Eacuadór. B'ansin a bhunaigh sé cathair Piura i Mí Iúil sa bhliain 1532. Chuir sé Hernando de Soto ag déanamh taiscéalaíochta roimhe, agus tháinig de Soto ar ais le cuireadh ó Atahualpa. Bhí trúpaí Atahualpa díreach tar éis mílísteoirí Huascar a threascairt, ach mar sin féin, ní raibh an tír socraithe síos go fóill, agus bhí Atahualpa buartha go bhféadfadh Pizarro agus lucht a leanúna cuidiú le tacadóirí Huascar.

Gabháil Atahualpa cuir in eagar

Bhí Atahualpa ag fanacht leis na Spáinnigh i gCajamarca lena chuid saighdiúirí. Nuair a chonaic na Spáinnigh go raibh na díormaí millteanacha sin timpeall, shil siad go raibh Atahualpa tar éis iad a mhealladh isteach i ngaiste. Mar sin, chinn siad ar é a ghabháil mar ghiall, nó ní leomhfadh na hIncigh a dhath a dhéanamh orthu a fhad is a bheadh Atahualpa ina phríosúnach acu. Bhí bráthair darbh ainm Vicente Valverde ag tionlacan Pizarro leis an gcreideamh Críostaí a chraobhscaoileadh i measc na nInceach. Nuair a thaispeáin sé leabhar naofa don Inceach agus é ag iarraidh an Chríostaíocht a mhíniú dó, chaith Atahualpa an leabhar uaidh, rud a bhain stangadh as Valverde. D'áitigh Valverde ar na Spáinnigh Atahualpa a chimiú mar phionós as an íde a thug sé don leabhar. D'éirigh idir na Spáinnigh agus na hIncigh, agus mharaigh na Spáinnigh na huaisle Inceacha a bhí ag iarraidh iad féin a iompú ina sciatha daonna idir an namhaid agus Atahualpa.

 
Sochraid Atahualpa le Luis Montero (Los funerales de Atahualpa)

Chimigh na Spáinnigh Atahualpa i ndiaidh an chatha seo, agus ansin, thosaigh siad ag éileamh luach mór fuascailte air. Gheall Atahualpa go mbeadh na hIncigh sásta an seomra ina raibh sé féin á choinneáil i mbraighdeanas a líonadh le hór agus a athlíonadh le hairgead geal le saoirse a bhaint amach dósan. Comhlíonadh an gealladh, ach níor scaoil na Spáinnigh saor é. A mhalairt ar fad, chinn siad ar é a mharú, cé go ndearna siad iarracht cuma an dlí is an chirt a chur ar an mbású. Chúisigh siad é faoi fheallmharú a dhearthára, Huascar, agus faoi choireanna eile. D'admhaigh Atahualpa gurbh é an plean a bhí aige, sula ndearna na Spáinnigh príosúnach de, ná iad a mharú - a íobairt do na déithe b'fhéidir - agus a úsáid féin a bhaint as na capaill ina chuid cogaíochta. Fear cliste a bhí ann agus ciall mhaith aige do chomh háisiúil a thiocfadh na capaill isteach aige féin.

Cuireadh Atahualpa chun báis i Mí Lúnasa 1533. Ina dhiaidh sin, chuir na Spáinnigh Manco Inca Yupanquí i gceannas ar an Impireacht mar impire soip. Ar dtús, bhí sé sásta comhoibriú leis na Spáinnigh, ach ansin, d'éirigh ina chogadh cathartha idir Pisarro agus duine de lucht a leanúna, Diego de Almagro. D'fhéach Manco Inca le buntáiste a ghlacadh ar an gcogadh cathartha seo le himpireacht na nInceach a shealbhú dó féin. D'éirigh le Manco Inca Cuzco a ghabháil sa bhliain 1536, ach ní raibh sé i ndán dó an phríomhchathair a choinneáil aige féin ach tamaillín. Chuir na Spáinnigh ruaigeadh air as an áit go gairid ina dhiaidh sin arís, agus chúlaigh seisean agus lucht a leanúna go Vilcabamba, an phríomhchathair nua a bhunaigh siad i sléibhte Antisuyu.

Vilcabamba cuir in eagar

 
Machu Picchu - cathair chaillte na nInceach.

Inniu, creidtear go raibh Vilcabamba suite in aice le hEspíritu Pampa 130 ciliméadar siar ó Cuzco. Ar feadh i bhfad, áfach, chreidtí gurbh é an daingean i Machu Picchu an phríomhchathair cheilte seo. Ba é Hiram Bingham, an taiscéalaí Meiriceánach, a scaoil an scéal seo timpeall. Eisean ba thúisce a tháinig trasna ar Machu Picchu agus ar na hiarsmaí in Espíritu Pampa araon, ach ba é an tuairim a bhí aige féin ná gurbh é Machu Picchu an áit ba thábhachtaí den bheirt. Chuir sé a thuiscint do na cúrsaí seo os comhair an tsaoil mhóir ina leabhar clasaiceach Lost Cities of the Incas. An tuiscint atá againn inniu, áfach, tá sé bunaithe ar an leabhar suimiúil úd The Conquest of the Incas le John Hemming, a tháinig i gcló sa bhliain 1970.

Bhí na hIncigh ábalta a nImpireacht a choinneáil beo i Vilcabamba ar feadh breis is tríocha bliain eile. Idir an dá linn, bhídís ag ionsaí na Spáinneach agus ag saighdeadh faoi na daoine chun ceannairce. Sa bhliain 1572, áfach, chimigh na Spáinnigh Túpac Amaru, an Sapa Inca deireanach, agus cuireadh chun báis é go gairid ina dhiaidh sin.

Tagairtí cuir in eagar