Conghal Ceannfhada mac Dúnchadha

rí Éireannach

Rí na nUladh den Dál Fiatach Congal Ceannfhada mac Dúnchadha (Sean-Ghaeilge Congal Cennfota mac Dúnchada) (bás 674). Dúnchadh mac Fiachna (bás c. 644), iar-rí, ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 670 go 674.

Infotaula de personaConghal Ceannfhada mac Dúnchadha
Beathaisnéis
Bás674
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDúnchadh mac Fiachna

Bhí an Dál Fiatach i gceannas sna hUlaid idir na blianta 637 agus 674. Bhíodh imreas clainne i measc an Dáil san aimsir sin. Sa bhliain 647, mharaigh Congal a uncail Maol Cobha mac Fiachna, rí na nUlad.[4][5][6] Is amhlaidh sna hannála, ámh, gur tháinig Blathmac mac Maoil Chobha i gcomharbacht ar a athair, agus nár tháinig Congal i gcoróin go dtí go bhfuair Blathmac bás sa bhliain 670. Ba é an deireadh céanna a bhí le Congal mar a bhí lena uncail, óir gur mharaigh mac a chol ceathrair, Bécc Bairrche é sa bhliain 674.[7][8][9]

Bhí iníon ag Congal ainm Conchenn ingen Congaill, a bhí pósta ar dtús le hArd-Rí, Fínsnechta Fledach (bás 695) den Síol Aodha Sláine, atá d'fhéadfadh é dá bharr go bhfuair Congal tacaíocht ó chlann Ui Neill.[10] Níos deireanaí, bhí Conchenn pósta le married secondly Bécc Bairrche.[11]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 6
  2. Charles-Edwards, aguisín XXI
  3. Mac Niocaill, lch. 155
  4. Annála Uladh, AU 647.1
  5. Annála Tiarnaigh, AT 648.1
  6. Mac Niocaill, lch. 100
  7. AU 674.1
  8. AT 674.1
  9. Mac Niocaill, lch. 101
  10. Mac Niocaill, lch. 101
  11. Mac Niocaill, lch. 115