Bécc Bairrche mac Blathmaic

rí Éireannach

Rí na nUladh de chuid an Dáil Fhiatach ba ea Béic Bairrche mac Blathmhaic (Sean-Ghaeilge Bécc Bairrche mac Blathmaic (bás 718)[1][2] a bhí i réim ó 692 go 707. Blathmhac mac Maoil Chobha (bás 670), iar-rí, ba ea a athair.[3][4][5]

Infotaula de personaBécc Bairrche mac Blathmaic
Beathaisnéis
Bás718
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAodh Róin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBlathmac mac Máele Cobo

Leasainm cuir in eagar

Luann a leasainm dúiche Bheanna Boirche l ndeisceart Chontae an Dúin. Mar is gnách, is féidir ainm dá leithéid nó ceantar nó altranas a lua, agus d'fhéadfadh é go bhfuil nasc ann le muintir Uí Bhairrche na Laigean.[6]

Beatha cuir in eagar

Bhí an Dál Fiatach i gceannas ríogacht na nUlad ón bhliain 637 go 674. Bhíodh imreas clainne i measc an Dáil san aimsir sin. Maraíodh seanathair Bhéic, Maol Cobha mac Fiachna ag an nia féin, Congal Ceannfhada mac Dúnchadha sa bhliain 647.[7][8][9] Sa bhliain 674, mharaigh Béic Congal, agus dá bharr rinneadh rí Dhál Fhiatach de Bhéic.[10][11][12] Níor tháinig Béic i gcoróin mar rí na nUlad, and, go dtí 692, tar éis bhás Fhearghasa mhic Aodháin den ghéag iomaíochta, Uí Eachach Cobha (Dál nAraidi). B'fhéidir é gurbh iarrthóir comhréiteach é.[13]

D'fhéadfadh é go raibh Ard-Rí na hÉireann, Fínsnechta Fledach den Síol Aodha Sláine, pósta le Concheann iníon Chongail, agus go raibh achrann pearsanta eatarthu. Rinne Béic ruathar ar thailte Ui Neill an deiscirt, ach chloígh Fínsneachta é ag Taillte sa bhliain 679.[14][15][16]

Tar éis bhás Fhínsneachta, phós Béic Concheann, is dóigh chun a chéim i nUlaid a threisiú. Phós sé freisin Barrdubh iníon Leathlobhair mac Eachach (bás 709) den Dál nAraidi.[17]

Mar rí na nUlad, ar duine a bhí sé de ráthóirí Cáin Adhamhnáin ag Biorra sa bhliain 697.

Sa bhliain 691, rinne an Dál Riada creach ar na Cruithne (Dál nAraidi) agus na hUlaid (Dál Fiatach).[18][19] Bhí foghlaithe Briotanaigh gníomhach timpeall tús na 8ú haoise. Sa bhliain 697, rinne na hUlaid agus Briotanaigh le chéile scrios ar Mhagh Muirtheimhne i gContae Lú, áit a raibh cónaí ar treibh Ulad Conaille Muirtheimne.[20][21] Sa bhliain 703, bhí na hUlaid agus na Briotanaigh i mbun chogaidh eatarthu féin, agus throid siad Cath Mhagh Cuilinn san Aird. Maraíodh an Briotanach, mac Radgann (a raibh clú aige as ucht chreachadh eaglaisí).[22][23][24]

D'éirigh Béic as a gcoróin agus thug sé leis maide an oiltrigh sa bhliain 707. Fuair sé bás sa bhliain 718.[25][26]

Bhí a mhac le Concheann, Aodh Róin (bás 735) in am trátha ina rí Ulad.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 718.2
  2. Annála Tiarnaigh, AT 718.2
  3. Byrne, Tábla 6
  4. Charles-Edwards, aguisín XXI
  5. Mac Niocaill, lch. 155
  6. Ó Cróinín, lch. 194
  7. AU 647.1
  8. AT 648.1
  9. Mac Niocaill, lch. 100
  10. AU 674.1
  11. AT 674.1
  12. Mac Niocaill, lch. 101
  13. Mac Niocaill, lch. 101
  14. AU 679.3
  15. AT 679.3
  16. Mac Niocaill, lch. 108
  17. Mac Niocaill, lch. 115
  18. AU ???
  19. Mac Niocaill, lch. 114
  20. AU 697.10
  21. AT 697.6
  22. AU 703.1
  23. AT 703.1
  24. Mac Niocaill, lch. 114
  25. AU 707.6
  26. Mac Niocaill, lch. 115