Conradh Ribbentrop-Molotov
Ba chonradh idir an nGearmáin agus Aontas na Sóivéadach é Conradh Ribbentrop-Molotov. "Socrú Neamhionsaithe Gearmánach-Sóivéadach" ab ea ainm oifigiúil an chonartha. Síníodh an conradh i Moscó i 1939.
StairCuir in Eagar
Tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, bhí dhá cúluithe eachnamaíochta sa Ghearmáin - an Tréimhse Hipearbhoilscithe i 1923 agus an Spealadh Mór i 1929. Tar éis dóibh tháinig Adolf Hitler agus na Naitsithe go cumhacht agus scriosann siad na cummanaithe. Ag an am céanna, bhí rialtas ollsmachtach i bhfeighil in Aontas na Sóivéadach agus taispeánadh bolscaireacht frithfhaisisteach go rialta. B-ionadh mór é nuair a shínigh Joachim von Ribbentrop agus Vyacheslav Molotov an socrú neamhionsaithe i 1939.
Sa chonradh seo d'aontaigh na tíortha gur scar siad an Phólainn eatarthu. Chomh maith leis sin, aontaíodh sé go mbeadh réimse tionchair ag Aontas na Sóivéadach ar an bhFionlainn, an Liotuáin, an Laitvia, an Eastóin agus an mBasaráib. Síníodh comhaontú thrádála freisin. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, rinneadh ionradh ar an bPólainn. Thóg na Sóivéadach na stáit Bhaltacha agus rinne siad iarracht an Fhionlainn a thógáil i gCogadh an Gheimhridh ach theip orthu.