Conradh na Mainistreach Móire

Síníodh Conradh na Mainistreach Móire (Béarla: The Treaty of Mellifont), ar a dtugtar freisin Airteagail na Mainistreach Móire sa bhliain 1603, agus chuir sé deireadh le Cogadh na Naoi mBliana a bhí ar siúl i Ríocht na hÉireann ó 1594 go 1603 .

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh na Mainistreach Móire
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
An Mhainistir Mhór, Contaee Lú, Éire

Deireadh an chogaidh cuir in eagar

Tar éis bua na Sasanach i gCath Chionn tSáile, d'fhill na ceannairí a bhí ag troid i gCorcaigh chun a dtír dhúchais a chosaint. D'éirigh le Fear Ionaid na hÉireann, Charles Blount, 8ú Barún Mhuinseo, san ghnó ar theip ar a réamhtheachtaí, Robert Devereux, 2ú Iarla Essex. Bhí a fhios ag Muinseo, áfach, fad is a bhí Aodh Ó Néill fós i bhfolach, go raibh Ó Néill fós ina bhagairt. Cé gur cuireadh iallach ar fhormhór na mion-taoisigh i gcomhghuaillíocht leis géilleadh, d’fhan Ruaidhrí Ó Domhnaill, Brian Óg Ó Ruairc, Cú Chonnacht Mág Uidhir (deartháir Aodh Mhig Uidhir), agus Domhnall Cam Ó Súileabháin Bhéara dílis don Iarla Mór.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Sullivan, A.M., "Story of Ireland", Chapter LI.