Is snaidhm a úsáidtear chun dhá théad a cheangal é cor an chapstain[1]snaidhm charaic.[2] Tá sé oiriúnach go háirithe do rópa nó do chábla an-trom atá rómhór agus rórighin le snaidhmeanna eile a dhéanamh ann.[3][4] Ní théann sé i bhfostú fiú tar éis ualach suntasach a iompar nó tar éis a bheith báite in uisce.[5] Is minic a úsáidtear cor an chapstain mar ornáidíocht agus san araltas mar gheall ar a phatrún siméadrach agus ar a chruth fite taitneamhach.

Cor an chapstain

Tugtar “carrick bend” ar an tsnaidhm seo i mBéarla le blianta fada, ar a laghad chomh fada siar le foclóir dátheangach seoltóireachta a d'fhoilsigh Daniel Lescallier sa bhliain 1783.[3] Ní fios go cinnte bunús an téarma roimhe sin, d'ainneoin an chuma Cheilteach atá ar an bhfocal “carrick” (cf. “carraig” i nGaeilge agus focail ghaolmhara sna cúig theanga Cheilteacha eile). Léiríonn an obair phlástair i gCaisleán Urumhan i gCarraig na Siúire go leor samplaí den tsnaidhm seo i rilíf.[6] Nó b’fhéidir gur tháinig an t-ainm ó inbhear i gCorn na Breataine darb ainm Dowr Carrek (Gaeilge: Dobhar Carraige; Béarla: Carrick Roads). Seans freisin gur tháinig an t-ainm ó fhoinse neamh-Cheilteach; is é sin “carrac”, cineál loinge meánaoisí.[7]

Tá ocht dtrasnú laistigh de chor an chapstain, agus dá bharr sin is féidir go leor snaidhmeanna comhchosúla leis a dhéanamh sa bpatrún céanna. Téann na téada i gcor an chapstain féin os cionn agus faoi bhun a chéile ag gach re trasnú. Chomh maith leis sin, tá dhá bhealach ann ar féidir le cinn na téide teacht amach as an tsnaidhm: trasnánach os comhair a chéile, nó ar an taobh céanna. Meastar go bhfuil an fhoirm ina dtagann na cinn amach os comhair a chéile níos daingne ná an fhoirm eile.[3]

Ar an drochuair, mar gheall ar an líon leaganacha atá ann, is minic a cheanglaítear cor an chapstain go mícheart.[5]

The carrick bend, also called full carrick bend, sailor's knot, and anchor bend, is perhaps the nearest thing we have to a perfect bend. It is symmetrical, it is easy to tie, it does not slip easily in wet material, it is among the strongest of knots, it cannot jam and is readily untied. To offset this array of excellencies is the sole objection that it is somewhat bulky.

 
Tiontú chor an chapstain

De ghnáth, ceanglaítear cor an chapstain i bhfoirm chothrom fite fuaite mar a thaispeántar sa bpictiúr ar dheis. Gan bearta breise, téann sé isteach i gcruth difriúil nuair a theanntar í, próiseas a dtugtar “tiontú” (Béarla: capsizing) air. Braitheann an méid tiontaithe ar cé chomh scaoilte atá an fíochán. Tá an fhoirm thiontaithe níos daingne agus níos cobhsaí nuair a theanntar í, cé go bhfuil sé níos toirtiúla ná an fhoirm seáirseáilte thíos. Nuair a bhíonn an fíochán níos doichte, ní thagann an tiontú chun críche, agus sa chás seo, faightear snaidhm atá fós daingean agus cobhsaí, ach atá níos deacra a dhícheangal, ag teacht salach ar cheann de na buntáistí a bhaineann le cor an chapstain. Nuair a ligtear don tsnaidhm tiontú go nádúrtha faoi theannas, d'fhéadfadh sciorradh mór tríd an tsnaidhm a tharlú sula dteannfar í, agus dá bharr sin ba chóir an tsnaidhm a shocrú go cúramach sula gcuirtear faoi ualach í, chun an sciorradh seo a sheachaint.[9]

Seáirseáil

cuir in eagar
 
Seáirseáil

Ionas go mbeidh sé níos éasca cor an chapstain a dhícheangal, go háirithe nuair a bhíonn sé ceangailte i dtéad an-mhór, déantar seáirseáil ar chinn na téide sa chaoi nach dtitfidh an tsnaidhm as a chéile nuair a chuirtear faoi ualach í. Coinníonn an cleachtas seo próifíl na snaidhme níos cothroime freisin, agus dá bharr sin, téann sí trí chapstan nó trí chastainn níos éasca.[10]

Go traidisiúnta, úsáidtear seáirseáil chruinn chun na cinn a cheangal lena gcuid seasta. Is féidir sraith de shnaidhmeanna teannta dúbailte, ceangailte go daingean, a úsáid freisin mar sheift.[4] Nuair a dhéantar seáirseáil ar chor an chapstain, ní mór an dá cheann a dhaingniú dá gcuid seasta, nó sciorrfaidh an tsnaidhm.

  1. “cor an chapstain” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-10-01.
  2. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): carrick bend” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2022-10-01.
  3. 3.0 3.1 3.2 Geoffrey Budworth, The Complete Book of Knots (Londain: Octopus, 1997), 43.
  4. 4.0 4.1 Brion Toss, Chapman's Nautical Guides: Knots (Nua-Eabhrac: Hearst Marine Books, 1990), 79–80.
  5. 5.0 5.1 Clifford W. Ashley, The Ashley Book of Knots (Nua-Eabhrac: Doubleday, 1944), 262–263.
  6. Ormonde Plaster”. Dáta rochtana: 2017-05-30.
  7. Geoffrey Budworth, The Ultimate Encyclopedia of Knots (Londain: Hermes House, 1999), 60–61.
  8. Ashley, Clifford W. (1944). The Ashley Book of Knots, p.262. Doubleday. ISBN 0-385-04025-3.
  9. Cyrus Lawrence Day, The Art of Knotting and Splicing, 4th ed. (Annapolis: Naval Institute Press, 1986), 58.
  10. Des Pawson, Pocket Guide to Knots & Splices (Edison, NJ: Chartwell Books, Inc., 2002), 114-115.