Paidir de chuid na Críostaíochta is ea Cré na nAspal.

Creidim i nDia, an tAthair Uilechumhachtach, Cruthaitheoir Nimhe agus Talún,
agus i nÍosa Críost a Aonmhac san ár dTiarna,
do gabhadh ón Spriod Naomh, do rugadh ó Mhuire ógh,
d'fhulaig páis fé Phointeas Píolóid, do céasadh ar an gcrois,
fuair bás agus d'adhlacadh, chuaigh síos go hifreann,
d'aiséirigh an treas lá ó mhairbh, chuaigh suas ar neamh,
tá ina shuí ar dheasláimh Dé an tAthair Uilechumhachtach,
as san tiocfaidh ag tabhairt bhreithiúntais ar bheo is ar mhairbh.
Creidim sa Spriod Naomh, sa naomh-Eaglais Chaitliceach,
i gComaoine na Naomh, i Maithiúnachas na bPeacaí,
i nAiséirí na Colla, is sa Bheatha Shíoraí. áiméin.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • 'Cré na nAspal' ar Youtube