Cracó

cathair sa Pholainn

Is é Kraków (Béarla: Cracow) an dara chathair is mó agus ceann de na cathracha is sine sa Pholainn agus is lárionad turasóireachta é. Tá a dhúiche lárnach stairiúil aitheanta mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda, an chéad cheann dá leithéid. Tá sé suite ar abhainn darb ainm an Viostúile (Polainnis: Wisła) i réigiún na Polainne Bige (Polainnis:Małopolska). Téann stair na cathrach ar ais go dtí an 7ú haois. Go traidisiúnta, bhí Kraków ar cheann de na príomhionaid i saol acadúil, cultúrtha agus ealaíonta na Polainne, agus tá sé ar cheann de na hionaid eacnamaíochta is tábhachtaí sa tír. Ba é príomhchathair na Polainne é ó 1038 go dtí 1596, príomhchathair Ard-Diúcacht Kraków idir 1846 agus 1918, agus príomhchathair Województwo krakowskie (roinn riaracháin) ón 14ú haois go dtí 1999. Is é príomhchathair réigiúin Województwo małopolskie anois é.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCracó
Kraków (pl) Cuir in eagar ar Wikidata
Flag of Kraków.svg POL Kraków COA.svg
Krakow Rynek Glowny panorama 2.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Kraków dzielnice.svg
POL Kraków map.svg Map
 50°03′41″N 19°56′14″E / 50.0614°N 19.9372°E / 50.0614; 19.9372
Stát ceannasachAn Pholainn
Voivodeship of Poland (en) AistrighLesser Poland Voivodeship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán800,653 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,448.48 hab./km²
Teanga oifigiúilAn Pholainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deLesser Poland Voivodeship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla327 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Viostúile Cuir in eagar ar Wikidata
Airde219 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthúluach anaithnid (<8 haois)
Eachtra barrthábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachKraków City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Kraków Cuir in eagar ar WikidataJacek Majchrowski (2002–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist30-001 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód12 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSPL213 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinkrakow.pl Cuir in eagar ar Wikidata

D'éirigh an dara cathair is tábhachtaí sa Pholainn ó lonnaíocht chlochaoise. Thosaigh mar ghráig ar Chnoc Wawel é agus tugadh tuairisc gur lárionad trádála gnóthach de chuid Lár na hEorpa é sa bhliain 965. Tar éis do Dara Poblacht na Polainne a theacht chun cinn i 1918 agus i rith na fichiú haoise, d'athdhearbhaigh Kraków a ghnó mar lárionad náisiúnta acadúil ealaíonta le hollscoileanna agus lárionaid chultúrtha nua. Tá thart ar 780,000 daoine ina gcónaí i Kraków, le thart ar 8 milliún duine faoi chéad ciliméadar timpeall a phríomhchearnóg.

I ndiaidh an ionraidh a rinne Gearmáin na Naitsithe ar an bPolainn i dtús an Dara Cogaidh Domhanda, ba é an Distrikt Krakau (Ceantar Kraków) nua príomhchathair an Rialtais Ghinearálta a chuir an Ghearmáin ar bun. Brúdh na Giúdaigh a bhí ina gcónaí sa chathair isteach i gcion faoi bhallaí a tugadh Geiteo Kraków air. Ón áit sin a seoladh chuig campaí díothaithe agus na sluachampaí de shaghas Aushcwitz agus Płaszów iad. Bíodh sin mar atá, ní dhearnadh an iomarca díobhála don chathair i rith na troda ná na buamála.

Rinneadh pápa de Karol Wojtyła, Ardeaspag Kraków, i 1978 a bhí an t-ainm Pápa Eoin Pól II air ina dhiaidh sin. An chéad phápa nach raibh ina Iodálach le 455 bliain ab ea é. Sa bhliain chéanna, ghlac UNESCO le seanbhaile agus lár stairiúil Kraków mar a chéad Suíomh Oidhreachta Domhanda, in éineacht le Quito. Is mar chathair domhanda a bhfuil a "leordhóthain ard" aici a aicmíonn an Líonra Taighde ar na Cathracha Domhanda agus ar an Domhandú Kraków.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar