Crédit Suisse
Bunaíodh Crédit Suisse Group AG sa bhliain 1856 san Eilvéis. D'éirigh Crédit Suisse ar cheann de na bainc infheistíochta is mó ar domhan sa 21ú haois. Bhí an banc i mbroid airgid sa bhliain 2023 agus cheannaigh UBS é.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gnó banc infheistíochta institiúid airgeadais banc fochomhlacht | ||||
Foirm dlí | Aktiengesellschaft | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Swiss Volksbank (en) Crédit suisse (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 1856 | ||||
Bunaitheoir(í) | Alfred Escher | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Táirge | banc infheistíochta | ||||
Ball de | German-Swiss Chamber of Commerce (en) Forum Nachhaltige Geldanlagen (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | António Mota de Sousa Horta Osório (2021–) | ||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Tidjane Thiam (2015–2020) Thomas Gottstein (en) (2020–) | ||||
Máthaireagraíocht | UBS (2023–) | ||||
Cuid de | Swiss Market Index (en) | ||||
Suíomh gréasáin | credit-suisse.com | ||||
Conspóidí
cuir in eagarTharraing Crédit Suisse conspóid mar bhí cultúr rúndachta ann le fada. Sa bhliain 2022, cuireadh i leith Credit Suisse go raibh lucht ciapadh cearta daoine, agus lucht gnó faoi smachtbhannaí, i measc a gcuid cliantaí. Bhí na mílte cuntas bainc le lucht sárú cearta daoine idir 1930-2010 foilsithe ag meáin idirnáisiúnta.[1]
Ar 19 Márta 2023, tarrtháladh Crédit Suisse, a bhí ar shéala loiceadh. Cheadaigh Rialtas na hEilvéise do mhórbhanc eile, UBS, Crédit Suisse a cheannach ar €3 billiún agus dul freagrach i gcaillteanais de €5 billiún. Bhí Rialtas na hEilvéise ag dul in urrús ar an socrú a rinneadh faoi théirim lena chinntiú nach loicfeadh Credit Suisse agus nach dtarraingeofaí géarchéim baincéireachta idirnáisiúnta.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-21). "Credit Suisse ag séanadh míchleachtais théis ollsceitheadh" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-20). "Luach stoc i mbainc tite agus Credit Suisse ceannaithe ag UBS" (as ga-IE).