Crios idirthaoideach
Is é an crios idirthaoideach (ar a dtugtar an urthrá agus an cladach freisin) an limistéar a bhíonn nochta d'aer ag lag trá agus faoin uisce ag lán mara (mar shampla, an limistéar idir snáth lánmhara gnáth-thaoidí nó taoidí meathrabharta agus imeall díthrá na dtaoidí sin). Bíonn cineálacha éagsúla de ghnáthóga san áireamh sa limistéar seo, lena n-áirítear aillte carraigeacha géara, tránna gainimh, nó bogaigh (m.sh., réileáin láibe ollmhóra). Is féidir leis an limistéar bheith ina stiall chúng, mar atá sna hoileáin san Aigéan Ciúin, nach bhfuil acu ach raon cúng taoide, nó is féidir raon fairsing taoide a bheith i gceist.