Cromluí coise
Is gluaiseacht na coise a tharlaíonn go nádúrtha le linn siúil nó reatha é cromluí coise. Tarlaíonn trí ghluaiseacht ar leith ar aon uain mar chuid den chromluí: eisbhéartú fo-rúitín, cúlfhleisceadh an rúitín, agus abduchtú na coise tosaigh. Is cuid nádúrtha, inmhianaithe, agus riachtanach den choisíocht é. Is é an cromluí coise an chéad leath den chéim seasaimh, i gcodarsnacht leis an droimluí a thosaíonn an chéim tiomána nuair a ardaítear an tsáil ón talamh.
Cromluí Mínormálta cuir in eagar
Tarlaíonn cromluí mínormálta nuair a dhéanann an chos cromluí le linn na céime droimluí, nó nuair a dhéanann sí an iomarca cromluí le linn na gnáthchéime cromluí. Tá thart ar cheithre chéim (4°) cromluí agus droimluí ag teastáil ionas go mbeidh an chos in ann an corp a thiomáint ar aghaidh. Má tá an chos ag cromluí nó ag droimluí le linn na céime seasaimh den timthriall coisíochta, d'fhéadfadh fadhb bhithmheicniúil a bheith ann.
Ró-chromluí cuir in eagar
Nuair a dhéanann daoine an iomarca cromluí, brúnn siad amach beagnach go hiomlán ón ladhar mhór agus ón dara ladhar. Mar thoradh air sin, ní leathnaíonn an turraing go cothrom tríd an gcos nuair a bhuaileann sí an talamh, agus bíonn deacracht ag an rúitín an chuid eile den chorp a chobhsú. Ina theannta sin, tarlaíonn uillinn mhínádúrtha idir an chos agus an rúitín agus leathann an chos amach go mínormálta.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |