Is éard is cuasárréad cuasairéaltach ann (d'fhéadfá "réad réaltchosúil" a thabhairt air freisin) ná réad réalteolaíoch a aithnítear sa teileascóp mar phonc (cosúil le réalta), agus é faoi dheargaistriú láidir. Is é is brí leis an deargaistriú ná an dóigh a n-aistrítear na línte speictreacha i dtreo an deirg faoi thionchar iarmhairt Doppler. Is é an chiall is gnách a bhaint as an scéal ná go bhfuil na cuasáir ag druidim uainn go gasta agus iad suite i bhfad bhfad uainn.

Cuasár