Eagraíocht spóirt Éireannach í Cumann Imreoirí Gael (Béarla: Gaelic Players AssociationGPA). Bunaíodh i mí Mheán Fómhair sa bhliain 1999 é, chun tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do na himreoirí atá ag imirt na gcluichí Gaelacha, sa Chumann Lúthchleas Gael.

Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Imreoirí Gael
Sonraí
Cineálceardchumann Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1999
Gníomhaíocht
Ball deEU Athletes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinhttps://www.gaelicplayers.com
Facebook: GaelicPlayersAssociation Twitter: gaelicplayers Instagram: gaelicplayers Cuir in eagar ar Wikidata

I measc na daoine a chuir an cumann ar bun ná na himreoirí Fergal Logan, Peter Canavan agus Dessie Farrell. Toghadh Farrell ina chathaoirleach sa bhliain 2000, agus sa bhliain 2003 ghlac sé post mar phríomhfheidhmeannach lánaimseartha.

Cé go bhfuil an GPA ar an bhfód le deich mbliana anuas, bhí sé deacair aitheantas oifigiúil a fháil ón CLG. Ar deireadh thiar, bronnadh an stádas seo ar an eagraíocht ag comhdháil de chuid CLG ar an 21 Samhain 2009.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar