Dál mBuinne
Dream agus fo-ríocht nó tuath na gCruithne ab ea an Dál Buinne (Sean-Ghaeilge Dál mBuinne[1][2]). De shliocht an Dáil Araidhe as Magh Line i ríocht na nUlad ab ea é. Mac rí seanscéalach na nUladh, Fergus mac Róich, ab ea a shinsear eapainmneach, Bruinne.[2][3] Tríocha céad ab ea méid a chríoch.[4]
Taoiseach an Dáil Bhuinne ab ea máistir sclábhaithe Naoimh Phádraig, Míliuc mac Buan (aitheanta fosta mar Miolchú).[1][5]
Suíomhanna ríoga
cuir in eagarBhí Dún ríoga Eachdach suite i nDál mBuinne. Bunaíodh an dún úd faoin 9ú haois ag an Dál Fiatach.[6] Sa bhliain 1010 AD, de réir Annála na gCeithre Máistrí, rinne Flaithbertach Ua Néill den Chineál Eoghain ionradh ar Ulaid agus dhóigh sé Dún Eachdach.[6] Taobh ó dheas de Dhún Eachdach tá abha Ráth Bhearnait, an teorainn idir an Dál Buinne agus Uí Echach Cobo.[6]
Suite freisin i nDál Buinne bhí an suíomh insealbhaithe ríoga Craobh Tealcha, gar do Lann Abhaigh, Contae Aontroma.[7] Is amhlaidh go raibh an Dál Araidhe ann ar dtús, sular tháinig an Dál Fiatach i gceannas ann faoin 9ú haois.[8][9]
Géaga
cuir in eagarSeo a leanas géaga an Dáil Bhuinne:
Naoimh agus bunaithe eaglasta
cuir in eagarDe réir seanchais éigin, bhí clann mar a leanas ag Brónach iníon Mhiolchú mhic Bhuinne:[5]
- Naoimh Fursa, a shíol an creideamh Críostaí ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire
- Mo Chaoi (ainm ceana ar Naomh Caolán), a bhunaigh Mainistir Naondroma ar Inis Mochaoi i Loch Cuan. Faightear sna hannála go bhfuair sé bás sa bhliain 496.[11][12]
- Colmán Comraire as Cnoc Uisnigh
- Colmán Muilinn, bunaitheoir Eaglais Dhoire Caocháin i nDál Riada[12][13]
- An tEaspag Mac Earca, a deirtear gur bhunaitheoir eaglais Dhomhnaigh Mhóir, Maigh Cobha, Contae an Dúin[12][14]
- Damhnad, bunaitheoir eaglais Chúil Damhnada ag Sliabh Beatha, Contae Mhuineacháin.[12]
Deirtear ámh gur ficseanúil é an ginealach seo, ach amháin naisc le Naomh Pádraig i gcoiteann.[12]
Foinsí
cuir in eagar- Getty, Edmund (1855). "Notices of the Round Towers of Ulster". Ulster Journal of Archaeology 3: 110–116.
- Hamann, Stefanie (2012). "St Fursa, the genealogy of an Irish saint—the historical person and his cult". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, Cuid C 112: 147–187.
- Hogan, James (1928–1929). "The Tricha Cét and Related Land-Measures". Imeachtaí ARÉ, Cuid C 38: 148–235.
- MacCotter, Paul. "Medieval Ireland. Territorial, Political and Economic Divisions". The Heritage Council.
- MacDonald, Philip (2008). "Archaeological Evaluation of the Inaugural Landscape of Crew Hill (Craeb Telcha), County Antrim". Ulster Journal of Archaeology 67: 84–106.
- Meissner, John L. Gough (1932–1934). "The Place of S. Patrick's Captivity". Imeachtaí ARÉ, Cuid C 41: 131–140. Acadamh Ríoga na hÉireann.
- Orpen, Goddard H. (1913). "The Earldom of Ulster. Part II. Inquisitions Touching Carrickfergus and Antrim". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 3 (2): 133–143.
- Schlegel, Donald M. (2002). "Reweaving the Tapestry of Ancient Ulster". Clogher Record 17 (3): 689–750.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Meissner, lch. 133.
- ↑ 2.0 2.1 Getty, lch. 111.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Orpen, plch. 133-143.
- ↑ Hogan, lch. 209.
- ↑ 5.0 5.1 Hamann, lch. 153
- ↑ 6.0 6.1 6.2 "Duneight, County Down". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-15. Dáta rochtana: 2020-01-28.
- ↑ MacCotter, lch. 234.
- ↑ MacDonald, lch. 84.
- ↑ Centre for Archaeological Fieldwork School of Geography, Archaeology and Palaeoecology, Queen’s University Belfast, Data Structure Report: No. 056 Site Evaluation and Excavation at Crew Hill (Cráeb Telcha), near Glenavy, County Antrim 2007
- ↑ Schlegel, lch. 746.
- ↑ "Nendrum Monastic Site, County Down". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-22. Dáta rochtana: 2020-01-28.
- ↑ 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 Hamann, lch. 156-7
- ↑ "Derrykeighan, County Antrim". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-20. Dáta rochtana: 2020-01-28.
- ↑ "Donaghmore, County Down". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-07. Dáta rochtana: 2020-01-28.