Sa mhatamaitic, tomhaiseann díorthach feidhme d’athróg réadach an íogaireacht d’athrú ar luach feidhme (luach aschuir) maidir le hathrú ina argóint (luach ionchuir). Uirlis bhunúsach calcalais iad díorthaigh. Mar shampla, is é an díorthach shuíomh réada atá ag gluaiseacht i leith ama, ná treoluas an réada: tomhaiseann sé seo cé chomh tapa agus a athraíonn suíomh an ruda nuair a théann an t-am ar aghaidh.

Graf feidhme, tarraingthe i ndubh, agus an tadhlaí-líne leis an ngraf sin, tarraingthe i dearg. Tá fána an tadhlaí-líne comhionann le díorthach na feidhme ag an bpointe marcáilte.