Dónall Ó Cualáin

garda Éireannach

Is iar-Gharda Éireannach é Dónall Ó Cualáin (rugadh 4 Samhain 1957). Bhí post aige mar Choimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána ó Mheán Fómhair 2017 go Meán Fómhair 2018, tar éis gur éirigh Nóirín O’Sullivan as an oifig.[1]

Dónall Ó Cualáin
Coimisinéir an Gharda Síochána

Saol
Eolas breitheCarna, 4 Samhain 1957 (65 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materColáiste an Gharda Síochána
Gairm
Gairmgarda

As Carna, Co. na Gaillimhe ó dhúchas, tá Gaeilge líofa ag Ó Cualáin. Chuaigh sé isteach sna Gardaí sa bhliain 1983.[2]

Ceapadh é mar Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána agus ina Cheann ar Rialachas agus Straitéis ar 20 Deireadh Fómhair 2015. Tar éis do Nóirín O’Sullivan éirí as, cheap an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Charles Flanagan Ó Cualáin mar Choimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána ar 11 Meán Fómhair 2017.[2]

Ar 26 Meitheamh 2018, d’fhógair Rialtas na hÉireann go gceapfaí Leas-Phríomhchonstábla an PSNI Drew Harris mar Choimisinéir an Gharda Síochána. D’fhan Ó Cualáin ina ról mar Choimisinéir Gníomhach go dtí gur ceapadh Harris go hoifigiúil ar 3 Meán Fómhair 2018, agus chuaigh sé ar scor ina dhiaidh sin.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Statement by the Minister for Justice and Equality, Charles Flanagan T. D. Retirement of Garda Commissioner". Department of Justice and Equality. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-04-25.
  2. 2.0 2.1 "Acting Commissioner". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-04-06.