Dúnmharú Ali Fazeli Monfared
Ar 4 Bealtaine 2021, rinne triúr fear fuadach agus dúnmharú Ali “Alireza” Fazeli Monfared. Ba é a leathdheartháir agus dhá chol ceathrar dá chuid a bhí freagrach as an gcoir a tharla i ngar do chathair Ahvaz i gCúige Khuzestan na hIaráine.[1] Aithníodh é mar chás marú onóra; rinneadh an dúnmharú laethanta tar éis do leathdheartháir Fazeli Monfared foghlaim faoina chlaonadh gnéasach óna chárta díolúine seirbhíse míleata.[2] Díolmhaíonn dlíthe míleata na hIaráine daoine homaighnéasacha ón tseirbhís mhíleata éigeantach. Tuairiscítear go raibh Fazeli Monfared ag pleanáil bogadh chun na Tuirce agus tearmann a lorg tar éis dó a dhíolúine ó sheirbhís mhíleata a fháil. Gabhadh leathdheartháir agus col ceathracha Fazeli Monfared.[3][4][5]
Ainm sa teanga dhúchais | (fa) علیرضا فاضلی منفرد |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 2 Eanáir 2001 |
Bás | 4 Bealtaine 2021 20 bliana d'aois Ahvaz, An Iaráin |
Siocair bháis | Dúnbhású (Dícheannadh) |
Teanga dhúchais | an Pheirsis |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | An Pheirsis |
Croineolaíocht | |
4 Bealtaine 2021 | dúnmharú Ali Fazeli Monfared |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "گزارشها از قتل یک مرد جوان در اهواز 'به ظن همجنسگرایی'" (fa). BBC News فارسی. Dáta rochtana: 2021-05-11.
- ↑ "کشته شدن جوان همجنسگرا در اهواز به دست سه مرد خانواده: قتل بعد از درج گرایش جنسی روی کارت معافیت انجام شد" (fa). ایران اینترنشنال (2021-05-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-08. Dáta rochtana: 2021-05-11.
- ↑ "«بازداشت سه نفر» به اتهام قتل یک همجنسگرا در اهواز" (fa). رادیو فردا. Dáta rochtana: 2021-05-11.
- ↑ "Gay man brutally murdered and beheaded by family in Iran in 'honour killing'" (en-GB). PinkNews - Gay news, reviews and comment from the world's most read lesbian, gay, bisexual, and trans news service (2021-05-09). Dáta rochtana: 2021-05-11.
- ↑ "Murder of Ali Fazeli Monfared - Wikipedia" (en). en.m.wikipedia.org. Dáta rochtana: 2021-05-11.