Dúnmharú Neda Agha-Soltan
Bean Iaránach ab ea Neda Agha-Soltan (Peirsis: ندا آقاسلطان – Nedâ Âghâ-Soltân; 23 Eanáir 1983 – 20 Meitheamh 2009) a maraíodh le linn agóideí i dTehran ar 20 Meitheamh 2009. Taispeánadh an dúnmharú ar Twitter agus rinneadh samhailchomhartha di.
Dúnmharú Neda Agha-Soltan | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Tehran, 1982 |
Náisiúntacht | An Iaráin |
Bás | Tehran, 20 Meitheamh 2009 |
Áit adhlactha | Behesht-e Zahra (en) ![]() |
Cúis bháis | (tráma balaistíoch) |
Maraithe ag | Basij (en) ![]() |
Oideachas | |
Alma mater | Islamic Azad University (en) ![]() |
Teangacha | An Pheirsis |
Gairm | |
Gairm | ceoltóir, iriseoir agus scoláire |
CúlraCuir in Eagar
Toghadh Mahmoud Ahmadinejad ina Uachtarán ar Iaráin i mí Meithimh 2009.[1] Ach mhaígh páirtithe an fhreasúra go raibh caimiléireacht i gceist sa phróiseas vótála.[2]
Tharla caismirtí, agóidí agus círéibeacha i dTehran ag an am céanna. Shocraigh na fórsaí slándála an lámh láidir a úsáid ar na hagóideoirí.
Bhain an lucht agóide úsáid as na meáin sóisialta mar uirlis agóide don chéad uair riamh, chun a dteachtaireacht a scaipeadh.[3]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2009-06-16).
- ↑ "Cinnlínte Nuachta" (as en) (2009-06-23).
- ↑ BBC World Service. "Witness History, The Death of Neda Agha Soltan" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2020-06-20.