Dúnmharaíodh Sarah Everard (a rugadh 30 Samhain 1989) ar 4 Márta 2021 i Kent, Sasana.[1][2] Fuadaíodh í ag Poynders Court Londain[3] agus trácht coisithe go leor ann.[4]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Sarah Everard
Cineálfuadach
dúnmharú
foréigin in aghaidh na mban Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana3 Márta 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhClapham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachSarah Everard Cuir in eagar ar Wikidata


cuimhneachán do Sarah ar an toirt, 13 Márta 2021

Imeachtaí cuir in eagar

Chonacthas Sarah Everard den uair dheiridh ag siúl abhaile ó árasán chara léi i ndeisceart Londain ar 3 Márta 2021. Tachtaíodh í cúpla uair níos déanaí in aice le Dover.

Thángthas ar na taisí daonna i gceantar coille in Ashford, Kent ar 12 Márta. Bhí Everard ar iarraidh le 8 lá.

Tugadh póilín, Wayne Couzens, os comhair cúirte i Londain ar 13 Márta maidir le dúnmharú Everard.[5] Cúisíodh é as Everard a fhuadach agus a dhúnmharú. Gearradh príosúnacht saoil air níos déanaí.

Cressida Dick, Coimisinéir na bPóilíní i Londain - ní raibh muinín ag Méara Londan Sadiq Khan aisti.

Conspóidí cuir in eagar

Ar 13 Márta 2021, tharla achrann  idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag bigil neamhoifigiúil ag Clapham Common, Londain.[6] Theastaigh ón lucht eagraithe go gcuirfí an bhigil ar ceal mar gheall ar shrianta COVID-19, ach  níor tharla sé sin.[7]

Bhí cáineadh géar déanta ar phóilín faoin mbealach ar laimhséail siad an cuimhneachán, a bhí eagraithe i gcuimhne ar Sarah Everard. Dúradh go raibh ar na póilíní gníomhú ar mhaithe le daoine a choinneáil slán sábháilte.

Cáineadh na póilíní i Londain go minic le linn 2021-2022 as an dóigh a caitheadh le mná, agus an cultúr nimhiúil san fhórsa maidir le gnéasachas agus ciníochas.[8] D'éirigh Cressida Dick, Coimisinéir na bPóilíní i Londain,[9] as a post i rith 2022.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. RTÉ (2021). "Morning Ireland: Why the disappearance of Sarah Everard resonated with so many women" (en). www.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  2. Raidíó na Gaeltachta (2021). "Tús Áite: Sarah Everard" (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  3. "Poynders Court · Oaklands Estate, London SW4 8NL, United Kingdom" (en). Poynders Court · Oaklands Estate, London SW4 8NL, United Kingdom. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  4. Charlie Lawrence-Jones (2021-03-10). "'Just to think it could be anyone, walking home in South London'" (en). MyLondon. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  5. Nuacht RTÉ (2021-03-13). "Póilín sa chúirt maidin inniu maidir le dúnmharú Sarah Everard" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-03-14). "Cáineadh géar déanta ar phóilíní i Londain" (as ga). 
  7. Misneach (2021). "Tá sé de cheart ag mná a bheith sábháilte; is cuma cá bhfuil siad agus is cuma cad é atá á dhéanamh acu." (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  8. Conradh na Gaeilge Londain. "‎Nuacht Mhall: 12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain) on Apple Podcasts" (en-GB). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-02.
  9. "Commissioner of Police of the Metropolis" (as en) (2022-06-27). Wikipedia.