Polaiteoir Briotanach agus méara Londan faoi láthair is ea Sadiq Aman Khan PC, a rugadh ar 8 Deireadh Fómhair 1970. Is ball den Pháirtí an Lucht Oibre é. Tá sé ar an eite chlé "bhogː den pháirtí. Áirítear é mar dhaonlathaí sóisialta ó thaobh na hidé-eolaíochta de.

Sadiq Khan
Sadiq Khan 2020.png
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe


comhairleoir

1994 - 2006
Dúiche: London Borough of Wandsworth
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 5, 2005 - Aibreán 12, 2010
Dúiche: Tooting
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2005
An tAire Stáit do Phobail agus Rialtais Áitiúil

Deireadh Fómhair 4, 2008 - Meitheamh 8, 2009
an tAire Stáit d'Iompair

Meitheamh 8, 2009 - Bealtaine 11, 2010
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 6, 2010 - Márta 30, 2015
Dúiche: Tooting
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2010
Scáth-Rúnaí Stáit d'Iompair

Bealtaine 14, 2010 - Deireadh Fómhair 8, 2010
Theresa Villiers (en) Aistrigh - Maria Eagle (en) Aistrigh
Scáth-Rúnaí Stáit do Dhlí agus Chirt

Deireadh Fómhair 8, 2010 - Bealtaine 11, 2015
Jack Straw (en) Aistrigh - Charles Falconer, Baron Falconer of Thoroton (en) Aistrigh
Scáth-Ard-Seansailéir

Deireadh Fómhair 8, 2010 - Bealtaine 11, 2015
Jack Straw (en) Aistrigh - Charles Falconer, Baron Falconer of Thoroton (en) Aistrigh
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 7, 2015 - Bealtaine 9, 2016
Dúiche: Tooting
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015
3. Méara Londan

Bealtaine 9, 2016 -
Boris Johnson
Toghchán: 2016 London mayoral election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánSadiq Aman Khan
Eolas breitheTooting, 8 Deireadh Fómhair 1970 (52 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Muintir
Céile/CéilíSaadiya Khan  (1994 -
Oideachas
Alma materOllscoil North London
Ernest Bevin College (en) Aistrigh
London Metropolitan University (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Urdúis
Gairm
Gairmpolaiteoir, dlíodóir agus dlíodóir
Áit oibreLondain
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinSunnaíoch
Páirtithe polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre
sadiq.london
TwitterSadiqKhan

Bhí sé Khan dhlíodóir cearta daonna sular roghnaíodh mar iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre don Pharlaimint é, sa bhliain 2004. Feisire Parlaiminte a bhí ann ar son Tooting ó 2005 go 2016.

SaolCuir in Eagar

 
roimh 2010
 
22 Samhain 2017

Rugadh Khan isteach i dteaghlach Pacastánach den lucht oibre in Tooting, Londain Theas. Bhain Khan amach céim dlí in Ollscoil Londan Thuaidh.

Deir Khan gurb iad na rudaí a spreag é i dtosach báire chun a bheith ina dhlíodóir an chomhairle a thug múinteoir dó go bhfóirfeadh a aighneasacht don tslí bheatha sin, agus an tionchar a bhí ag an tsraith teilifíse "L.A. Law" air.[1]

Fuair Khan céim ollscoile ó Ollscoil Londan Thuaidh (Ollscoil Chathrach Londan mar atá sí anois) sa bhliain 1991. Ansin rinne sé a chuid staidéir sa College of Law i nGuildford.

DlíodóirCuir in Eagar

Idir 1994 agus 2004 bhí Khan ina dhlíodóir faoi oiliúint ar dtús, ansin ina chomhlach, agus (ó 1997 i leith) ina chomhpháirtí, i gcomhlacht dlíodóirí arb iad cásanna cúnaimh dhlí an speisialtóireacht atá aige. Thugtaí "Christian Fisher" ar an comhlacht seo i dtosach ama; athainmníodh é mar "Christian Khan" sa bhliain 2002.

Chuimsigh a chleachtadh mar dhlíodóir cásanna i réimsí ar nós dlí fostaíochta, dlí idirdhealaithe, cásanna a bhain le mí-iompar na bpóilíní, dlí príosúin, cearta sibhialta agus cearta daonna a raibh amhras sceimhlitheoireachta orthu.

FeisireCuir in Eagar

Idir 1994 agus 2006, bhí Khan ina bhall Chomhairle Wandsworth, ar son Pháirtí an Lucht Oibre. D'éirigh sé as an dlíodóireacht chomh luath agus a rinneadh iarrthóir parlaiminte ionchasach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre haghaidh Tooting sa bhliain 2004. Toghadh mar Fheisire é sa bhliain dár gcionn.

Tharraing sé cáil air féin go luath, mar dhuine de na ceannairí an fheachtais ar éirigh leis stop a chur ar an tairiscint go dtabharfaí coinneáil nócha lá isteach le haghaidh daoine a raibh amhras orthu go ndearna siad cionta sceimhlitheoireachta. Roghnaíodh mar "Dhuine Nua na Bliana" ag The Spectator é mar chuid de Dhuaiseanna Parlaiminteoir na Bliana 2005.

Aoire agus aireCuir in Eagar

Rinneadh aoire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre de, nuair a ceapadh Gordon Brown mar Phríomh-Aire sa bhliain 2007. Rinneadh cáineadh air ag an am sin, mar gheall ar an bpáirt a bhí aige agus é á chinntiú go rithfí coinneáil dhá lá is daichead le haghaidh daoine a bhfuil amhras sceimhlitheoireachta orthu.

Ansin, ó 2008 ar aghaidh, bhí dhá phost mar aire sóisearach aige faoi Gordon Brown

  • an Fo-rúnaí Parlaiminteach le haghaidh na bPobal agus an Rialtais Áitiúil, 2008 go 2009 agus
  • an tAire Iompair, 2009 go 2010;[2]

Sa dara post bhí sé i bpost a dtabharfaí "sárshóisearach" air in Éirinn, ag freastal ar bhord an rialtais de réir mar ba ghá).

Ós rud é go raibh páirt ríthábhachtach aige mar thacaí de Ed Milliband, bhí sé ina Scáth-Rúnaí Stáit Ceartais agus Scáth-Ard-Seansailéir idir Deireadh Fómhair 2010 agus Bealtaine 2015 (chomh maith le bheith ina Scáth-Aire um Londain idir Eanáir 2013 agus Bealtaine 2015).

 
London Pride, 2016

MéaraCuir in Eagar

I mí na Bealtaine 2016, toghadh mar Mhéara Londan é. Mar Mhoslamach atá ag cleachtadh a chreidimh, a bhfuil tuairimí forásacha aige i dtaobh na polaitíochta agus cúrsaí sóisialta, tá sé go mór i mbéal an phobail, ar fud na tíre agus ar fud an domhain.

Tá sé ina Mhéara i dtréimhsí scanrúla, a thiocfadh leo a bheith deighilteach, i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta atá ag tarlú i bpríomhchathair na Breataine le blianta beaga anuas.

Bhí Khan ag éileamh ó 2016 go dtí 2019 go gcuirfí deireadh leis an mBreatimeacht le reifreann nua.

PearsantaCuir in Eagar

Pós Khan Saadiya Ahmed, aturnae chomh maith, sa bhliain 1994. Tá beirt chlainne acu.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-10-08). "Sadiq Khan" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  2. Great Minster House Department for Transport (2009-06-08). "Rt Hon Sadiq Khan MP, Minister of State for Transport". webarchive.nationalarchives.gov.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-02-02. Dáta rochtana: 2020-10-08.