Daonra na hAsarbaiseáine

Timpeall chasadh na mílaoise, bhí 9.6 milliún (2015) duine ina gcónaí san Asarbaiseáin, agus naonúr duine as gach deichniúr acu ina nAsarbaiseánaigh ó thaobh na teanga is an dúchais de.

1958-2006

Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó, ach inniu, tá cuid mhór acu tar éis filleadh ar an Rúis, agus mar sin, níl ach 1.8 % de dhaonra na tíre ina Rúisigh inniu. Thairis sin, tá cuid mhór náisiúnachtaí beaga de chuid na Cugaise ag cur fúthu, mar Leisgínigh, Talaoisigh, Avaraigh, Sachúraigh, Búdúchaigh, Udi, agus eile. Tá Giúdaigh bhundúchasacha ina gcónaí timpeall Quba in Oirthuaisceart na hAsarbaiseáine, agus an teanga Tat á labhairt acu. Is teanga Iaránach í.

Bhí mionlach mór Airméanach san Asarbaiseáin sular phléasc an cogadh amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, ach d'éalaigh an mionlach seo go dtí an Airméin - cé is moite díobh siúd a raibh cónaí orthu in Karabagh féin, an limistéar atá forghafa ag fórsaí Airméanacha anois.

Moslamaigh is ea iad 93.4 % de dhaonra na hAsarbaiseáine, an chuid is mó acu ina Moslamaigh Shítheacha. Tá Ioslam Sunnaíoch, Eaglais Ortadocsach na Rúise, an Giúdachas agus seicteacha beaga Moslamacha agus Críostaí le fáil sa tír freisin. An chuid is mó de na hAsarbaiseánaigh, áfach, ní chloíonn siad go ródhian le hIoslam.

Tá an pobal i gcoitinne cuir in eagar

Bliain 1897 1908 1911 1917 1920 1923 1924 1930 1940 1941 1942 1943 1944 1945 1946 1947 1948 1949 1950 1960 1970 1980 1990 2000 2009
Townspeople[1] 305.1 - - 560.2 405.8 486.0 - 750.9 1212.0 1239.8 1195.5 1138.1 1105.8 1118.5 1159.9 1163.1 1110.1 1149.1 1252.3 1835.2 2564.6 3247.5 3847.3 4116.4 4818.7
Daonra tuaithe[1] 1501.6 - - 1793.5 1546.4 1377.0 - 1818.6 2062.0 2092.0 1961.6 1780.0 1670.9 1587.1 1574.6 1577.4 1589.2 1583.5 1606.6 1980.5 2552.5 2866.8 3284.6 3916.4 4078.6
Iomlán[1] 1806.7 2014.3 2056.5 2353.7 1952.2 1863.0 2128.7 2569.5 3274.0 3331.8 3157.1 2918.1 2776.7 2705.6 2734.5 2740.5 2699.3 2732.6 2858.9 3815.7 5117.1 6114.3 7131.9 8032.8 8896.9

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Azərbaycan Dövlət Statistika Komitəsi: Demoqrafik göstəricilər: Azərbaycanın əhalisi :1.1. Əhalinin sayının dəyişilməsi (min nəfər)---1897,1926, 1939, 1959, 1970, 1979, 1989, 1999, 2009-cu illərin məlumatları əhalinin siyahıyaalınmaları üzrə, 1913, 1917, 1920-cı illərin məlumatları ilin axırına, qalan illərin məlumatları isə ilin əvvəlinə göstərilmişdir.

Naisc sheachtracha cuir in eagar